"Le linn na seachtaine, ag breis is 13 imeacht éagsúla, léirigh tomhaltóirí as an tSeapáin agus as an gCóiré a díríodh orthu go raibh spéis mhór acu i mbia na hÉireann, cur chuige an tionscail i leith na hinbhuanaitheachta ach go háirithe tríd an gclár Origin Green. Cuireadh deis den scoth ar fáil dúinn ag na seimineáir tionscail i dTóiceó agus i Súl na táirgí a thaispeáint do phríomhallmhaireoirí bia, mórdhíoltóirí, ceannaitheoirí agus do na meáin agus mar is féidir le tionscal na hÉireann oibriú i gcomhar leo chun éilimh an tomhaltóra ar bhia d'ardchaighdeán, atá sábháilte agus a dhéantar a tháirgeadh go hinbhuanaithe a shásamh. Is ábhar misnigh é an leibhéal ard rannpháirtíochta a bhí idir onnmhaireoirí agus ceannaitheoirí na hÉireann, agus tugann sin misneach dom go dtiocfaidh méadú ar na deiseanna sin de réir mar a bheidh an geilleagar sin ag fás agus méadú ag teacht ar an bhfeasacht atá acu ar Éirinn mar fhoinse ardchaighdeáin bia agus dí an tráth chéanna is a bheidh teacht againn ar an margadh."