Fógraíonn OPW sraith cheolchoirm samhraidh Rithimí Ráth Fhearnáin: Ríleanna go Rac
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go mbeidh Rithimí Ráth Fhearnáin:Ríleanna go Rac – seacht gceolchoirm saor in aisce ar líne – ar siúl ag Caisleán Ráth Fhearnáin ó 24 Meitheamh go 23 Meán Fómhair i mbliana. Arna eagrú i gcomhar le Puregenius Music Promotion, tugann an clár meascra ceoil le linn an tsamhraidh – ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol Indiach, amhránaithe agus scríbhneoirí amhrán, ceol clasaiceach. Beidh fáil ar líne ar lá na hócáide ar shuíomh gréasáin Chaisleán Ráth Fhearnáin, agus ina dhiaidh sin via cainéal YouTube OPW.
Is fada clár imeachtaí samhraidh ag Caisleán Ráth Fhearnáin, ceolchoirmeacha san áireamh. I mbliana, le srianta ar imeachtaí beo, leanann foireann an Chaisleáin leis an nós trí chlár ceoil ar líne a sholáthar do lucht féachana sa bhaile agus i gcéin. Is deis iontach í seo ceol spreagúil a bhlaiseadh ar na tráthnóntaí fada samhraidh gan bogadh ó do theach féin.
Dúirt Cathaoirleach OPW Maurice Buckley:
“Cheap foireann Chaisleán Ráth Fhearnáin bealaí nua chun lucht féachana a mhealladh, leis na ceolchoirmeacha iontacha Ríleanna go Rac ina mbeidh ceol do chách. Is geal leo oibriú le ceoltóirí beo trath go bhfuil an earnáil seo i ndroch-chaoi mar gheall ar an bpaindéim.”
Taifeadadh na ceolchoirmeacha sa seomra damhsa galánta a dhearaigh William Chambers agus tabharfar radharc ar sheomraí eile sa Chaisleán freisin. Beidh cead isteach saor in aisce ar Chaisleán Ráth Fhearnáin ar feadh na bliana seo.
Is é seo a leanas clár na gceolchoirm:
The Whistle Blower Project le Cormac Breatnach (feadóga agus amhráin), Daire Bracken (fideal agus lúpaí) agus Martin Tourish (bosca ceoil) le graificí ag Luis Poveda. Cuardaíonn an láithriú cumhachtach seo trí cheol, íomhánna agus focail an freagairt ealaíne a thug Cormac Breatnach ar thubaist a d’imir air ó aois a 13 go haosacht, agus conas a fuair Cormac sólás agus leigheas tríd an gceol.
Mike Nielsen (giotár snagcheoil)
Tá Mike ina Stiúrthóir ar Láithriú Snagcheoil ag Conservatoire OT Bhaile Átha Cliath agus ina cheoltóir tosaíoch micreatoineach in Éirinn. Imeasc a gcáilíochtaí tá PhD (láithriú micreatoineach), MPhil (fisic, ceol micreatoineach agus cumadóireacht), agus LTCL (láithriú giotáir chlasaiceach). Bhain sé amach Gradam Spreagtha Jim Hall um fhreastal ar Choláiste Ceoil Berklee, Boston. Tá sé le clos ar 23 CD – dhá eisiúint aonair ag www.modalcitizenrecords.com san áireamh. Ar an obair aonair uaidh tá bunchumadóireacht a chuimsíonn snagcheol, ceol clasaiceach agus ceol domhanda.
SACK
Banna cúigear ó Bhaile Átha Cliath. Ins na 1990idí, d’eisigh SACK trí albam - You Are What You Eat, Butterfly Effect and Adventura Majestica; fuaireadar gradaim um shingil na seachtaine ó NME agus Melody Maker, chomh maith le Gradam Hot Press don bhfíseán is fearr agus Ainmniú Hot Press don Albam is fearr do Butterfly Effect. Dhein SACK dhá thuras le Morrissey; an chéad turas go dtí an Bheilg, an Ghearmáin, an Isiltír, an Danmhairg, an tSualann, an Ríocht Aontaithe, Éire agus na Stáit Aontaithe (Los Angeles, San Francisco, San Diego, Las Vegas), agus an dara thuras chuig Páras, an Danmhairg, an tSualann agus an Ríocht Aontaithe. Seineann SACK uaireanta ag Electric Picnic, Olympia Bhaile Átha Cliath agus féiltí agus imeachtaí speisialta eile.
Leslie Dowdall agus Mike Hanrahan
Tháinig Leslie Dowdall, duine de na hamhránaithe agus scríbhneoirí amhrán is mó cáil in Éirinn, chun tosaigh ar dtús leis an ngrúpa In Tua Nua. Agus Leslie mar phríomhamhránaí acu, dheineadar ceithre albam agus thar thréimhse seacht mbliana dheineadar turais le grúpaí mar U2, Simple Minds, Bob Dylan, agus The Pretenders. Dheineadar turais ins na Stáit Aontaithe, an Ísiltír, an Iodáil, an Ghearmáin chomh maith leis an Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Ó 2009 anuas, tá sí ag comhoibriú le Mike Hanrahan (Stockton’s Wing) ag scríobh agus ag seinnt; ba é “Heart of Gold” in 2019 an turas is déanaí acu. In 2017 thosaigh Leslie ag obair le “Music Generation”, ag múineadh ceoil do thart faoi 600 páistí gach seachtain. Anois is arís, bíonn Leslie ar stáitse le In Tua Nua. Thug Mike Hanrahan 15 bliana le Stockton’s Wing, ag amhrán, ag scríobh agus ag seinnt giotár. Ar na píosaí is mó cáil uaidh tá ‘Beautiful Affair’ agus ‘Walkaway’, iad araon taifeadta ag Stockton’s Wing.
Helen Hancock (soprán) agus Anne-Marie O’Farrell (cláirseach) a thabharfaidh clár le hamhráin Fraincise agus lieder chomh maith le dhá amhrán Éireannach. Is as Baile Átha Cliath do Helen, atá lonnaithe anois sa Ghaillimh. Is ansa léi ceoldrámaí Barócocha, ceol eaglaise, amhráin ealaíne agus ceoldrámaí Mozart. Bhí sí ar stáitse in Ard-Eaglais Muire i Luimneach, Músaem Hunr i Luimneach, Túr Yeats sa Ghaillimh agus Caisleán Ráth Fhearnáin. Bhí Anne-Marie O’Farrell ar stáitse chomh maith le teilifís agus raidió ar fud na hEorpa, chomh maith leis na Stáit Aontaithe, na tíortha Lochlannacha agus an tSeapáin. D’eisigh sí CDanna dá cuid féin agus dhein sí taifeadaí freisin le Cormac De Barra, The Chieftains agus Moya Brennan.
Banna Jem Mitchell
Amhránaí agus scríbhneoir amhrán ó Bhaile Átha Cliath é Jem Mitchell. Tar éis dó bheith páirteach in mbannaí roc indiach ins na 1980idí agus 1990idí, ghlac sé sos fada roimh theacht ar ais dó in 2013. Ceol Meireacánach agus dúchais is mó a chleachtann sé. Beidh sé i bpáirt le Ken Browne agus John agus Mark Colbert.
Shobsy O’Brien á thionlacan ag Joe Regan
Ceoltóir agus scríbhneoir amhrán ó Bhaile Átha Cliath é Shobsy. Tá sé anois i mbun ceol aonair tar éis dó blianta a chaitheamh leis an mbanna State Lights. Ar dtús, bhí State Lights ag MUSEXPO agus sa Bhreatain agus na Stáit Aontaithe ar Radio X agus KROQ L.A. Bhíodar ag Whelans i mBaile Átha Cliath agus Islington, Londain. Bhíodar freisin ag féiltí in Éirinn(Electric Picnic, Indiependence, Castlepalooza), ar theilifís (Late Late Show, Ray Darcy Show, Podge and Rodge Show) agus ar raidió (Radio (2fm, Today fm etc.). Tá Shobsy faoi láthair ag obair ar a thionscadal nua aonair. I gCaisleán Ráth Fhearnáin beidh sé á thionlacan ag Joe Regan, duine de bhunaitheoirí State Lights.
-CRÍOCH-
Tá íomhánna ar fáil ó pressoffice@opw.ie.
Eolas Imeachtaí Ceolchoirmeacha: Rithimí Ráth Fhearnáin – Ríleanna go Roc
Áit: Beidh an nasc ar fáil ar www.rathfarnhamcastle.ie agus is féidir ceolchoirmeacha a fheiceáil ina dhiaidh sin ar www.youtube.com/Opw/videos
Dátaí: 24 Meitheamh – 23 Meán Fómhair 2021
Am: 20:00 (GMT) (21:00 CET)
Suíomh Gréasáin: Rathfarnham Castle
Cead Isteach: Saor in Aisce, ní gá clárú