Fógraíonn an tAire Ryan agus an tAire Smyth ceapachán Stiúrthóir nua ar an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS)
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, agus ar an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta maidir le Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, Ossian Smyth TD, ceapachán Richard Browne mar Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS) a fhógairt. Tagann an ceapachán sna sála ar chomórtas oscailte idirnáisiúnta, arna reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Tá an tUasal Browne mar chuid d'fhoireann LNCS ó bhí 2014 ann, áit a raibh sé i gceannas freisin ar fhorbairt an Bheartais Náisiúnta Cibearshlándála, lena n-áirítear comhordú a dhéanamh ar an dá Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála go dtí seo. Ceapadh é mar Stiúrthóir Gníomhach ar LNCS i mí Iúil 2021 tar éis dó a bheith ina Leas-Stiúrthóir ar an Ionad Náisiúnta Anailíse Slándála (NSAC) i mí Dheireadh Fómhair 2020.
Beidh an tUasal Browne freagrach as príomhfheidhmeanna LNCS agus é ina Stiúrthóir. I measc a chuid feidhmeanna tá freagairt náisiúnta ar theagmhais chibearshlándála a chomhordú agus a bhainistiú; feasacht staide náisiúnta a fhorbairt maidir le cibear-rioscaí agus cibearbhagairtí; agus athléimneacht a fhorbairt i gcoinne cibirionsaithe.
Agus é ag fógairt an cheapacháin nua, dúirt an tAire Ryan:
"Ós rud é gur príomhgheilleagar digiteach í Éire, tá sé ríthábhachtach cibearshlándáil TF an Rialtais agus bonneagar criticiúil náisiúnta a chosaint. Tá an-áthas orm Richard Browne a fhógairt mar Stiúrthóir LNCS. Is gairmí an-cháilithe agus ardchaighdeáin é Richard. Tabharfaidh sé a oll-thaithí leis le linn a chuid ama ag tógáil agus ag treorú LNCS. Faoina cheannaireacht, déanfaidh LNCS a chumas agus a shaineolas oibríochta a fhorbairt tuilleadh. Tacóidh sé le forbairt an chreata beartais agus reachtaíochta a bhaineann le cibearshlándáil sa Stát."
Dúirt an tAire Smyth, agus é ag cur fáilte roimh an gceapachán freisin:
"Tharla roinnt cibeartheagmhas suntasach le roinnt blianta anuas, lena n-áirítear na teagmhais a tharla le déanaí a chuaigh i bhfeidhm ar FSS agus ar bhonneagar criticiúil eile ar bhonn idirnáisiúnta. Cuirim fáilte roimh cheapachán Richard Browne mar Stiúrthóir nua ar LNCS agus guím gach rath air ina cheannaireacht ar eagraíocht infhairsingithe, atá i mbun a inniúlacht agus a chumas a fhorbairt ar mhaithe lenár gcórais TF agus ár bpríomhsheirbhísí a chosaint amach anseo. Tá an Rialtas tiomanta leibhéal cuí acmhainní LNCS a chinntiú – faoi stiúir Richard – ionas go beidh siad in an a shainordú criticiúil a chomhlíonadh."
CRÍOCH
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (NCSC) le cinneadh rialtais i mí Iúil 2011, le sainchúram leathan ar fud chibearshlándáil TFC an Rialtais agus bonneagar criticiúil náisiúnta.
Is cur chuige uile-Rialtais í an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024 chun dul i ngleic leis an mbagairt mhéadaitheach ó theagmhais chibearshlándála agus chun a chinntiú gur féidir le hÉirinn tairbhe iomlán a bhaint as an gclaochlú digiteach. Áirítear leis an straitéis 20 beart áirithe chun líonraí na hearnála poiblí agus seirbhísí riachtanacha a chosaint, chun forbairt thionscal na cibearshlándála a éascú agus chun múscailt feasachta agus comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn.
Coimisiúnaíodh comhairleoirí seachtracha go luath in 2021 mar chuid de chur i bhfeidhm na straitéise, chun Athbhreithniú Acmhainne a dhéanamh agus chun LNCS a thagarmharcáil le gníomhaireachtaí comhchosúla san Eoraip agus go hidirnáisiúnta. Fuarthas an tuarascáil ar an Athbhreithniú Acmhainne i mí an Mheithimh 2021. Chomhaontaigh an Rialtas roinnt beart chun tacú le forbairt leanúnach LNCS sna cúig bliana amach romhainn i mí Iúil.
Áirítear leis na bearta a comhaontaíodh líon foriomlán foirne lánaimseartha LNCS a mhéadú go 70 ar a laghad sna cúig bliana amach romhainn. Earcófar an chéad tráinse de 20 ball foirne breise faoi dheireadh 2022, rud a fhágfaidh go mbeidh 45 ball foirne ann ag an tráth sin.
Tá comórtais earcaíochta oscailte faoi láthair do Phríomhspeisialtóir Cibearshlándála (coibhéis an Phríomhoifigigh). Reáchtálfar tuilleadh comórtas do phoist ardbhainistíochta sna seachtainí amach romhainn. Seolfar comórtais an Speisialtóra Chibearshlándála (coibhéis Príomhoifigeach Cúnta) agus Freagróirí Cibearshlándála (coibhéis Ardoifigeach Feidhmiúcháin) sna seachtainí amach romhainn freisin.
D'aontaigh an Rialtas go n-ullmhófaí Scéim Ghinearálta Bille le faomhadh a fháil ón Rialtas. Bunóidh sé sin LNCS ar bhonn reachtúil agus déanfaidh sé foráil maidir le hábhair ghaolmhara, lena n-áirítear soiléireacht maidir lena shainordú agus lena ról agus maidir le gníomhaithe eile sa chibear-réimse.