Seolann an tAire Donnelly comhairliúchán poiblí ar bheartas comhpháirtithe um thuairimí othar i gcúram sláinte agus sóisialta na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, comhairliúchán poiblí ar dhréachtbheartas náisiúnta chun luach saothair catagóirí áirithe ionadaithe othar ar a dtabharfar “Comhpháirtithe um Thuairimí Othar” a shuíonn ar choistí agus ar ghrúpaí oibre in earnáil sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann.
D'fhorbair an Roinn Sláinte an dréachtbheartas náisiúnta comhpháirtíochta um thuairimí othar chun aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá le himirt ag othair i bhforbairt an bheartais sláinte agus in athchóiriú na seirbhísí sláinte.
Cuireadh forbairt an bheartais in iúl mar gheall ar an rannchuidiú suntasach a dhéanann ionadaithe othar ar bhonn leanúnach le hobair na Roinne Sláinte, FSS agus eagraíochtaí cúram sláinte.
Ag seoladh an chomhairliúcháin phoiblí, dúirt an tAire Donnelly:
“Tá an Rialtas tiomanta do luach ionadaíocht othar a aithint i ngach gné d'fhorbairt, d'athchóiriú agus de chur i bhfeidhm na seirbhíse sláinte. Sa chás go bhfuil daoine ag obair i gcomhpháirtíocht le seirbhísí sláinte ag leibhéal cuí, aithnímid a rannchuidiú trí luach saothair”.
Tacaíonn sé seo le Straitéis Forfheidhmithe Sláintecare 2018 agus a tiomantas d'othair agus d'úsáideoirí seirbhíse a bheith páirteach i ndearadh agus i seachadadh raon iomlán na ngníomhartha a shainaithnítear sa Straitéis Forfheidhmithe (Straitéis Forfheidhmithe agus Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021 -2023). Beidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán poiblí seo mar bhonn eolais ag cuid de ghnéithe criticiúla den dréachtbheartas náisiúnta comhpháirtithe um thuairimí othar agus tacóidh sé leis an obair thábhachtach seo.
Beidh tionchar ag an mbeartas ar raon leathan páirtithe leasmhara ar fud na hearnála sláinte agus cúraim shóisialta lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse sláinte agus cúraim shóisialta poiblí agus príobháideacha chomh maith le rialtóirí sláinte agus cúraim shóisialta, oideachasóirí agus comhlachtaí agus eagraíochtaí ábhartha eile. Is mian leis an Roinn Sláinte tuairimí na bpáirtithe leasmhara, ionadaithe othar, úsáideoirí seirbhíse agus an phobail i gcoitinne a fháil. Beidh na torthaí mar bhonn eolais ag an leagan deiridh den bheartas atá le foilsiú níos déanaí i mbliana.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Léiríonn rannpháirtíocht ghníomhach an phobail ón tús aistriú cultúrtha chuig ceann a théann chun leasa choitinn don phobal, d’othair agus do sholáthraithe cúram sláinte. Is saineolaithe iad na hothair féin ar a dtaithí féin agus cuireann cur chuige duine-lárnach i gcomhthéacs sheachadadh cúram sláinte luach ar ionadaithe othar mar rannpháirtithe gníomhacha sa tseirbhís sláinte.
"Tá áthas orm an comhairliúchán poiblí seo ar an dréachtbheartas a sheoladh agus táim ag tnúth le tuairimí na ndaoine a chloisteáil."
Déanfaidh an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Othar sa Roinn Sláinte anailís ar aighneachtaí agus ar fhaisnéis ón gcomhairliúchán poiblí agus déanfaidh sí tuarascáil chomhairliúcháin a thiomsú agus a fhoilsiú níos déanaí i mbliana.