Méadófar inbhuanaitheacht san earnáil tráchtála le muirir dhreasaithe a thabhairt isteach i leith bailiú dramhaíola
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, reachtaíocht nua a shíniú chun muirearú dreasaithe a thabhairt isteach le haghaidh bailiú dramhaíola san earnáil tráchtála. Tiocfaidh na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin) (Leasú) (Uimh. 2), 2023, in éifeacht an 1 Iúil 2023.
Aimsíodh i staidéar ar fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil é sa bhliain 2018 go bhféadfaí 70% dá bhfuil sa mheánaraid dramhaíola tráchtála a atreorú chuig athchúrsáil. Fágann sé sin go gcailltear méid ollmhór ábhair a d’fhéadfaí a athchúrsáil agus cruthaíonn sé ardchostas neamhriachtanach do ghnólachtaí, a n-ísleofaí a muirir dhramhaíola dá ndéanfaí scaradh cuí.
Is féidir le scaradh dramhaíola níos fearr san earnáil tráchtála rannchuidiú go mór freisin leis na spriocanna athchúrsála a leag an tAontas Eorpach síos dúinn a bhaint amach. Tá spriocanna dúshlánacha roimh Éirinn faoi Chreat-treoir Dramhaíola an Aontais Eorpaigh i ndáil le 55% de dhramhaíl sholadach chathrach a athchúrsáil faoin mbliain 2025, 60% di a athchúrsáil faoin mbliain 2030 agus 65% di a athchúrsáil faoin mbliain 2035. Léirítear sna figiúirí is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gur bhaineamar ráta 41% amach sa bhliain 2020.
Sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach ar fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide é sa bhliain 2020, tugtar gealltanas “chun an scaradh dramhaíola san earnáil tráchtála a fheabhsú, lena n-áirítear feachtas feasachta agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe a éilíonn boscaí bruscair deighilte agus an muirearú dreasaithe chun a dheimhniú go n-íoslaghdófar an dramhaíl agus go ndéanfar an scaradh dramhaíola i gceart”. Mar thoradh ar an athrú sin, tabharfar an earnáil tráchtála ar aon dul leis an earnáil chónaithe, a bhfuil praghsáil dhreasaithe i bhfeidhm ina leith ó bhí an bhliain 2017 ann.
Áirítear na nithe seo leis na bearta sna rialacháin nua le haghaidh dramhaíl tráchtála:
Ag fáiltiú dó roimh na rialacháin, dúirt an tAire Ryan:
"Chuir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil in iúl go bhféadfaí 70% den ábhar a chuirtear isteach in araidí dubha tráchtála a chur isteach in araidí athchúrsála nó orgánacha ina n-áit. Chonacthas go dtí seo go bhfuil ag éirí go geal le tabhairt isteach an bhailithe dhreasaithe dramhaíola san earnáil chónaithe, agus táim muiníneach go nglacfaidh an earnáil tráchtála leis na hathruithe seo agus go gcabhróidh sí le hÉirinn ár spriocanna Aontais Eorpaigh i ndáil le hathchúrsáil agus le líonadh talún a chomhlíonadh.
"Ní hé amháin go rachaidh athchúrsáil fheabhsaithe dramhaíola tráchtála chun tairbhe don chomhshaol ach cuirfidh sí feabhas ar inmharthanacht an bhonneagair athchúrsála agus laghdóidh sí costais dramhaíola don lucht gnó freisin."
Ag labhairt dó faoin reachtaíocht nua, dúirt Seamus Clancy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Repak:
>"Is é atá i scaradh éigeantach agus i muirearú dreasaithe a thabhairt isteach le haghaidh dramhaíl tráchtála ná céim shuntasach ar aghaidh i mbeartas athchúrsála náisiúnta na hÉireann, agus is céim dhearfach í i dtreo úsáid acmhainní a uasmhéadú agus spriocanna athchúrsála Aontais Eorpaigh sa todhchaí a bhaint amach. Is é an toradh a bheidh ar ábhair a scaradh go cuí ná go n-ísleofar costais bainistithe dramhaíola do ghnólachtaí in Éirinn agus go méadófar go mór an méid ábhair in-athchúrsáilte is féidir a bhailiú.
"Tá Repak tiomanta do thacaíocht a thabhairt don earnáil tráchtála le linn an aistrithe sin agus beidh sé ag tabhairt treoir do ghnólachtaí maidir le conas is fearr is féidir dramhaíl a bhailiú agus a scaradh ar an dóigh is éifeachtúla agus is éifeachtaí ó thaobh costas de. Tá muirearú dreasaithe le haghaidh bailiú dramhaíola a ghlacadh go rathúil san earnáil tráchtála ina chuid ríthábhachtach dá chinntiú go mbeidh Éire in ann na spriocanna a socraíodh le Creat-treoir Dramhaíola an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh."
Níl aon athrú ann le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht a bhailítear faoi láthair faoin reachtaíocht um dhramhaíl ó phacáistíocht, agus ní bheartaítear aon athrú ach oiread le haghaidh dramhbhia nó bithdhramhaíl a bhailítear faoi láthair ó áitribh thráchtála faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhbhia), 2009.
Ceanglaítear leis na rialacháin freisin go n-athródh cuideachtaí bailithe dramhaíola an chairt custaiméirí do theaghlaigh uathu chun dáta agus go dtabharfadh siad cairt custaiméirí isteach dá gcustaiméirí tráchtála. Ní mór an chairt sin a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin an bhailitheora agus ní mór mionsonraí a thabhairt inti amhail minicíocht na mbailiúchán, modhanna muirearaithe agus mionsonraí faoin tseirbhís bailithe le haghaidh gach cineáil dramhaíola.
Foilseofar na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin) (Leasú) (Uimh. 2), 2023, ar shuíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.
CRÍOCH