Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh an bhfógra a rinne na Siúracha Reiligiúnacha Carthanachta (‘Religious Sisters of Charity’) chun a scaireanna a aistriú ó Ghrúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Sláinte, Simon Harris TD, fáilte roimh an ráiteas a rinne na Siúracha Reiligiúnacha Carthanachta gur cheadaigh an Vatacáin a scairshealbhú i nGrúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann a aistriú.
Ghabh an tAire buíochas leis na Siúracha as a n-obair gan staonadh le himeacht na blianta chun cúram sláinte a sholáthar dóibh siúd ónar theastaigh sé agus i ndiaidh dóibh ‘cur go hollmhór’ le leas mhuintir na hÉireann trí thailte a bhronnadh orthu ar a ndearnadh luacháil choimeádach €200 milliún.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
"Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil leis na Siúracha as an ról an-tábhachtach a ghlac siad chun seirbhísí cúram sláinte a sholáthar do mhuintir na hÉireann le go leor blianta anuas.
"Ó osclaíodh Ospidéal Naomh Uinseann i dtosach ar Fhaiche Stiabhna in 1835 agus 12 othar a bheith ann i dtosach báire, tá maoirseacht á déanamh ag na Siúracha ar chúram a thabhairt do na milliúin duine. Ospidéal teagaisc acadúil a bhfuil cáil idirnáisiúnta air é Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann i bPáirc na Leamhán agus tá sé ina theistiméireacht do na Siúracha.
"Cuirfidh fógairt an lae inniu a rinne na Siúracha deireadh le haon bhuarthaí atá ar dhaoine go fóill go bhféadfaí tionchar reiligiúnach a imirt ar rialachas an Ospidéil Náisiúnta Mháithreachais ag Páirc na Leamhán.
"Réiteoidh an fhógairt an bealach freisin chun an creat dlíthiúil a chur i gcrích a chosnóidh infheistíocht an Stáit san ospidéal nua agus cinnteoidh sé go mbeidh neamhspleáchas cliniciúil agus oibríochtúil, chomh maith le neamhspleáchas airgeadais agus buiséadach ag an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais maidir le seirbhísí máithreachais, gínéiceolaíochta agus nuabheirthe a sholáthar."
CRÍOCH