Fógraíonn an tAire Donnelly Creat-Chomhaontuithe maidir le Praghsáil agus Soláthar Cógais 2021-2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD inniu dhá Chreat-Chomhaontú nua maidir le Praghsáil agus Soláthar Cógais 2021-2025.
Is céim thábhachtach iad na comhaontuithe ilbhliantúla le Cumann Cúraim Sláinte na hÉireann don Chógaisíocht (IPHA) agus Medicines for Ireland (MFI) chun costas na gcógas a laghdú agus rochtain ar chógais nua nuálacha d’othair a fheabhsú.
Seachadfaidh na socruithe nua:
Meastar go n-íocfaidh an stát idir €600 milliún agus €700 milliún níos lú as cógais ná mar a dhéanfadh sé murach sin.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá an Rialtas ag iarraidh a chinntiú go leanfaidh othair in Éirinn de rochtain a bheith acu ar chógais nua agus nuálacha a fhreastalóidh ar an riachtanas is mó agus a mbeidh tionchar bríoch acu ar thorthaí sláinte d’othair in Éirinn. Mar thoradh ar na Comhaontuithe seo leis an IPHA agus an MFI, beidh FSS i riocht i bhfad níos láidre chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar chógais atá ann cheana agus chun infheistíocht a dhéanamh i gcógais nua sna ceithre bliana amach romhainn.
“Tá an Rialtas tiomanta do rochtain thráthúil ar chógais nua agus nuálacha a sholáthar do gach othar. Bhí tionchar suntasach cheana féin ag an €50m a cuireadh ar fáil do chógais nua in 2021 ar chumas FSS drugaí riachtanacha a chúiteamh d’othair. Tá os cionn daichead cógas nua ceadaithe go dtí seo i mbliana, ag cabhrú le daoine le fadhbanna sláinte mar Ailse, Galar Parkinson, Seargadh Matánach Dromlaigh agus Fiobróis Chisteach.
“Beidh tionchar suntasach eile ag an €30m a leithdháilfear i mBuiséad 2022 ar infhaighteacht cógais nua agus nuálacha, lena n-áirítear chun cóireáil a chur ar ghalair neamhchoitianta.
“Tabharfaidh na socruithe nua seo níos mó cinnteachta don tionscal sna ceithre bliana amach romhainn."
CRÍOCH
Tá comhaontuithe déanta ag an Stát leis an tionscal cógaisíochta ó na 1970idí, ag tabhairt cinnteacht agus seasmhacht do sholáthar agus do phraghsáil cógas.
Tháinig an Comhaontú roimhe seo leis an IPHA, thar ceann thionscal bithchógaisíochta bunaidh in Éirinn, i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2016 agus, tar éis dhá thréimhse sínte, d’éag sé an 30 Meán Fómhair 2021.
Baineann an Comhaontú leis an IPHA le praghsáil agus soláthar cógas ar phaitinn agus bunaidh. Tógann an comhaontú seo, ar feadh tréimhse ceithre bliana, 1 Deireadh Fómhair 2021 go 30 Meán Fómhair 2025, ar Chomhaontú 2016, agus forálacha uile an Chomhaontaithe sin á dtabhairt ar aghaidh, ach feabhsaithe go mór ar roinnt príomhbhealaí, agus ag soláthar luach breise suntasach don Stáit.
I measc na mbeart nua sa Chomhaontú tá ranníocaíochtaí lacáiste méadaithe ó chógais ar phaitinn, lúb ar lár a dhúnadh maidir le cógais hibrideacha, an dáta tagartha le haghaidh laghduithe praghais a athrú, agus coigilteas méadaithe ó chógais sheach-phaitinn.
Méadaítear an lacáiste chuig FSS ar gach díolachán ó 5.5% faoin gComhaontú reatha go 7.75% in 2022, 8.25% in 2023, 8.5% in 2024 agus 9% in 2025.
Fuarthas comhaontú comhthreomhar le MFI freisin thar ceann an tionscail chineálach agus bhith-chosúil in Éirinn. Ritheann an Comhaontú ceithre bliana seo ón 1 Nollaig 2021 go dtí an 30 Samhain 2025 agus cosúil le Comhaontú IPHA déantar foráil maidir le laghduithe praghais níos fearr i gcás cógais chineálacha agus bith-chosúla. Comhlánóidh forálacha an Chomhaontaithe seo iarrachtaí foriomlána an Stáit maidir le buiséad na ndrugaí a bhainistiú, lena n-áirítear tacú le margadh iomaíoch sa spás seach-phaitinn.
Léiríonn na comhaontuithe seo gné amháin den tsraith beart atá ar fáil chun srian a chur leis an bhfás ar an mbille cógais agus ní choiscfidh siad FSS bearta coigiltis eile a chur i bhfeidhm faoin reachtaíocht ábhartha, lena n-áirítear praghsáil tagartha agus idirmhalartaitheacht, nó ó bhearta feabhsúcháin luacha a leanúint mar tionscnaimh luach-bhitheolaíocha is fearr agus úsáid bhith-chosúil a mhéadú.