Straitéis do Bhuiséad 2020 fógartha ag an Aire Donohoe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé comhaontaithe ag an Rialtas Buiséad 2020 a bhunú ar an mbunús go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag imeacht as an Aontas Eorpach gan mhargadh ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
Tá comhaontú ón Rialtas faighte inniu (Dé Céadaoin) ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD maidir le Buiséad 2020 a bhunú ar an tuairim gur Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
Bhí tionchar ag trí phríomhchúinse ar chinneadh an rialtais:
I Ráiteas Eacnamaíoch an tSamhraidh, 2019 (SES), a foilsíodh i mí Meithimh, leagadh amach dhá chás; bhain imeacht ordúil na RA leis an gcéad cheann agus bhain imeacht gan ord gan eagar leis an dara ceann. Sa dá chás, gheall an rialtas pacáiste buiséid €2.8 billiún:
I SES, thug an rialtas chun suntais go ndéanfaí cinneadh i mí Mheán Fómhair maidir leis an gcás a bheadh mar bhunús do Bhuiséad 2020. Ós rud é (1) go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir leis an uainiú agus an leagan amach a bheidh ar imeacht na RA, agus (2) nach bhfuil an buiséad ach ceithre seachtaine uainn, rinne an Rialtas cinneadh inniu go ndéanfaí an buiséad a leagan amach ar an mbunús go mbeadh imeacht gan ord gan eagar i gceist.
Is é an cur chuige atá á ghlacadh ag an Rialtas maidir le Buiséad 2020 ná cur chuige 'dériain', is éard atá i gceist leis sin ná:
Sa chás go mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann, tá sé tugtha le fios cheana féin ag an rialtas go ligfear do na cobhsaitheoirí uathoibritheacha feidhmiú. Áirítear leis sin fáltas cánach níos lú mar gheall ar níos lú daoine a bheith ag obair agus méadú i dtacaíochtaí leasa shóisialaigh mar gheall ar mhéadú i ndífhostaíocht. Chomh maith leis sin, déanfaidh an rialtas bearta tráthúla, spriocdhírithe agus sealadacha a thabhairt isteach do na hearnálacha is lú a bhfuil cosaint acu. Ó thaobh airgeadais phoiblí de, d'fhéadfadh sé seo a bheith ina chúis le hathrú ó bharrachas ginearálta rialtais 0.4 faoin gcéad de GDP go heasnamh de thart ar ½ - 1½ faoin gcéad GDP an bhliain seo chugainn.
Beidh sé mar aidhm le Buiséad 2020 forbairt a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas. Cuirfear é ar fáil le linn tréimhse neamhchinnteachta gan fasach ach cuirfear é ar fáil ó sheasamh láidir.
Dúirt an tAire Donohoe i ndiaidh an chruinnithe Comh-aireachta:
"Tá geilleagar againn a bhfuil bainistiú maith á dhéanamh air. Tá ár n-airgeadais phoiblí curtha ar threo atá inbhuanaithe agus tá fás seasta, láidir agus leathanbhunaithe ar an ngeilleagar. Tá an margadh fostaíochta anseo thar a bheith láidir, agus tá níos mó daoine ag an obair anois ná mar a bhí riamh. Ach mar sin féin, cé go bhfuil cúrsaí geilleagair sách maith faoi láthair, tá roinnt rioscaí suntasacha i gceist le cúrsaí fós, lena n-áirítear an chosúlacht ,mhór atá ann gur Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann."
“Beidh impleachtaí móra ag baint le Breatimeacht gan mhargadh d'Éirinn ag gach leibhéal. Áirítear leo sin, dúshláin mhaicreacnamaíocha, trádála agus earnála, láithreach bonn agus san fhadtéarma. Freagra beartais ríthábhachtach is ea forbairt a dhéanamh ar an acmhainneacht atá againn chun dul i ngleic leis na dúshláin sin. Is mar gheall air sin atá an rialtas ag tabhairt tús áite d'fhiachas poiblí a laghdú, Ciste Éigeandála a bhunú agus beartais buiséid chomhthimthriallacha a sheachaint. Cé go mbeidh rioscaí amach romhainn beidh deiseanna ann freisin; is é an sprioc atá againn an geilleagar a chur sa riocht go mbeifear ábalta na rioscaí sin a laghdú agus na deiseanna atá romhainn a uasmhéadú."
“Baineann ciall leis an straitéis buiséid do Bhuiséad 2020 a bhunú ar an tuairim go mbeidh Breatimeacht gan mhargadh ann agus is straitéis í a bhfuil sé i gceist ag an rialtas leanúint léi.”
Tá tús áite á thabhairt d'ullmhúcháin i leith Breatimeacht gan mhargadh ar fud an Rialtais. D'fhoilsigh an rialtas an Nuashonrú maidir le Pleanáil Theagmhasach don Bhreatimeacht le gairid ina léirítear an obair fhorleathan a bhí ar siúl ag leibhéal an AE ar bhonn uile-Rialtais, lena n-áirítear an Brexit Omnibus Act, chun ullmhú do Bhreatimeacht gan mhargadh. Leagtar amach sa nuashonrú na céimeanna atá le glacadh idir seo agus an 31 Deireadh Fómhair.
CRÍOCH