Seolann an tAire Rabbitte Ciste €1m chun Gairdíní Céadfacha a fhorbairt
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit um Míchumas, Anne Rabbitte TD, ciste €1 milliún inniu chun forbairt gairdíní céadfacha a rachaidh chun leasa leanaí agus daoine fásta faoi mhíchumas a mhaoiniú.
Cuimsíonn gairdíní céadfacha gnéithe, dromchlaí, rudaí agus plandaí a spreagann ár gcéadfaí trí thadhall, radharc, boladh, blas agus éisteacht. Eisíodh glao ar aighneachtaí, ag ligean d’eagraíochtaí deonacha arna maoiniú faoi Alt 38 agus 39 den Acht Sláinte iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú d’fhorbairt na ngairdíní seo ar an gcoinníoll go bhfuil baint aici le saoráidí atá ann cheana a úsáidtear chun seirbhísí mar áiteanna cónaithe, faoisimh nó seirbhísí lae a sholáthar.
Dúirt an tAire Rabbitte,
“Tá ríméad orm an ciste €1 milliún seo a fhógairt ina ndéanfar gairdíní céadfacha nua agus feabhsaithe a fhorbairt do dhaoine faoi mhíchumas de gach aois ar fud na tíre. Sílim go bhfuil meas níos doimhne againn ar an saol taobh amuigh mar gheall ar an bpaindéim agus mar sin mothaíonn infheistíocht den sórt seo i ngairdíní céadfacha níos tábhachtaí anois.
“Thug mé cuairt ar roinnt gairdíní céadfacha timpeall na tíre agus tá siad lán d’uigeachtaí, de bholaithe agus d’fhuaimeanna, agus bhuail mé le go leor daoine faoi mhíchumas, a dteaghlaigh agus eagraíochtaí míchumais, a dúirt liom cé chomh tábhachtach agus tairbheach is atá na gairdíní seo do dhaoine faoi mhíchumas.
“Is féidir le gairdíní céadfacha a bheith ina eispéireas tumthach, a thaitníonn le daoine óga agus aosta, ach d’fhéadfadh cruthú agus forbairt na ngairdíní seo a bheith an-tairbheach do leanaí agus do dhaoine fásta faoi mhíchumas. Táim ag tnúth go mór le forbairt na ngairdíní céadfacha seo sna míonna amach romhainn,”
a dúirt an tAire Rabbitte.
CRÍOCH
Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith san aighneachtaí ar mhaoiniú:
Is féidir le heagraíocht iarratas a dhéanamh ar dheontas do níos mó ná tionscadal amháin. Leithdháilfidh an Coiste Deontas deontais bunaithe ar líon agus leathadh geografach na n-iarratas.
Eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus tacaíochtaí do leanaí agus/nó do dhaoine fásta faoi mhíchumas agus a mhaoiníonn FSS trí Shocrú Seirbhíse Alt 38 nó Alt 39.
Dáta deiridh · Caithfear tograí a sheoladh ar ríomhphost chuig: Disability.strategy@hse.ie
Is é an spriocdháta d’iarratais ná 5.00in Dé Máirt an 12 Deireadh Fómhair 2021