Cuireann an tAire Sláinte tús le cruinniú páirtithe leasmhara chun tuilleadh gníomhartha a phlé chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas cógas reatha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD roimh chruinniú páirtithe leasmhara éagsúla chun iarrachtaí leanúnacha a phlé chun tionchar na nganntanas cógas atá in Éirinn agus ar fud an AE faoi láthair a íoslaghdú.
Reáchtáladh an cruinniú earnáil na tionsclaíochta, an earnáil sláinte agus ionadaithe othar, oifigigh ón Roinn Sláinte agus ón Údarás Rialála Táirgí Sláinte inniu.
Dúirt an tAire Donnelly: “Ar iarratas uaimse reáchtáil an Roinn Sláinte imeacht il-gheallsealbhóirí inniu chun éisteacht le heispéiris na bpáirtithe go léir, chun nuashonrú a dhéanamh ar obair atá ar siúl chun an cás seo a bhainistiú agus chun aon ghníomhartha féideartha eile a mheastar a bheith cuí le linn na tréimhse seo a phlé. Táim ag tnúth le toradh an chruinnithe seo a chloisteáil agus tacú le m'oifigigh chun a chinntiú go gcuirfear gach gníomh oiriúnach chun cinn.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair leanúnach a dhéanann na páirtithe leasmhara go léir maidir le ganntanas cógas a bhainistiú faoi láthair. Tá sé mar aidhm ag an gCreat Ganntanas Cógas, arna fheidhmiú ag an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) thar ceann mo Roinne, tionchar ganntanas cógas a chosc, nuair is féidir, agus a mhaolú nuair a tharlaíonn siad trí chumarsáid thráthúil le páirtithe leasmhara. Tá an staid reatha á comhordú ag HPRA tríd an gcreat seo i ndlúthchomhar le mo Roinn, FSS, earnáil na tionsclaíochta agus gairmithe cúram sláinte."
Dúirt an tAire: “Ba mhaith liom moladh ar leith a thabhairt don rannchuidiú luachmhar atá á dhéanamh ag ár n-oideasóirí agus ár gcógaiseoirí atá ag obair go dlúth le chéile chun na torthaí is fearr a chinntiú d'othair maidir le rochtain a fháil ar chógais ag an am seo."
Mar gheall ar na leibhéil arda tinnis riospráide sa phobal le seachtainí beaga anuas, breathnaíodh méadú suntasach ar an éileamh ar chógais a úsáidtear chun cóir leighis a chur ar riochtaí séasúracha amhail slaghdán agus fliú. Is ionann an t-éileamh i gcásanna áirithe agus 2 go 3 huaire an gnáthéilimh a fheictear ag an am seo den bhliain.
Tá sé seo amhlaidh ar fud thíortha an AE. Tá an Coimisiún Eorpach i dteannta leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) ag obair ar shraith beart chun dul i ngleic leis na saincheisteanna láithreacha agus chun réitigh fhadtéarmacha inbhuanaithe a chur i bhfeidhm chun leanúnachas soláthair do mhargadh an AE a chinntiú.
Dúirt an tAire: “Fáiltíonn Éire go mór roimh an gcur chuige seo atá á stiúradh ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb pan-Eorpach seo agus tá sí spreagtha ag na réitigh fhadtéarmacha atá á gcur i bhfeidhm ar leibhéal an AE."
Cé go bhfuil go leor táirgí liostaithe faoi láthair mar tháirgí atá gann ar láithreán gréasáin HPRA, tá go leor roghanna eile ar fáil ó fhoinsí éagsúla agus tá ionadaigh oiriúnacha fós ar fáil ar an margadh chun cóir leighis a chur ar thinnis riospráide. As na táirgí go léir atá as stoc faoi láthair is féidir leis an Roinn a dhearbhú nach bhfuil aon cheann ann nach bhfuil rogha chliniciúil oiriúnach ann dó.
Ina theannta sin, in ainneoin a bhfuil ráite, is féidir leis an Roinn a dhearbhú nár luaigh aon chuideachta praghsáil mar chúis le ganntanas táirgí. Chun tacú leis seo chríochnaigh FSS athbhreithniú cuimsitheach ar liosta ganntanas HPRA a foilsíodh an 16 Eanáir 2023. As na táirgí go léir atá liostaithe a bheith gann, níor bhain aon cheann le saincheisteanna praghsála.
Trí dhlúth-rannpháirtíocht le hearnáil na tionsclaíochta, dheimhnigh HPRA go bhfuil soláthraithe tar éis táirgeadh a mhéadú agus stoc breise a fháil i roinnt cásanna chun freagairt don mhéadú seo ar éileamh. Tá HPRA oscailte i gcónaí do nósanna imeachta rialála a bhrostú chun soláthar stoic bhreise a chumasú, nuair is féidir.
Bhunaigh FSS Foireann Bainistíochta Teagmhas (IMT) chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas antaibheathach agus d'eisigh sé roinnt meamram chun tacú le hoideasóirí agus cógaiseoirí ag an am seo. Ag obair go dlúth le HPRA, d'fhorbair siad leathanach gréasáin chun faisnéis a áireamh maidir le táirgí atá ar fáil faoi láthair (www.antibioticprescribing.ie).
Tá an cur chuige praghsála in Éirinn ag teacht leis na creat-chomhaontuithe le grúpaí ionadaíocha tionscail agus tá sé bunaithe ar chur chuige 'bascaed earraí', lena n-áirítear meán ionadaíoch de Bhallstáit an AE. Bíonn tionchar ag ganntanais ar Bhallstáit uile an AE (lena n-áirítear iad siúd a thuairiscítear go n-íocann siad praghsanna níos airde). Síníodh na Comhaontuithe seo díreach os cionn 12 mhí ó shin tar éis don Roinn taighde agus idirbheartaíocht chuimsitheach a dhéanamh le FSS agus le hionadaithe tionscail; agus aithníonn gach páirtí go bhfuil slándáil an tsoláthair tábhachtach ó thaobh oibriú éifeachtach na gComhaontuithe.