Fógraíonn an tAire Sláinte athruithe go dtí Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann - 23 lúil 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ghlac an tAire Sláinte, Stiofán Ó Donnghaile TD le moltaí nua maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
Thug an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (CCNI) na moltaí go dtí an bPríomhoifigeach Leighis Eatramhach agus thacaigh sí leis na moltaí seo.
Tá sé molta ag an CCNI:
Tá sé molta ag an CCNI freisin go bhféadfadh vacsaíní COVID-19 a thabhairt ag an am céanna le vacsaíní fhliú shéasúracha. Ba cheart teanndáileoga a thabhairt ceithre mhí i ndiaidh na dáileoige vacsaíne roimhe seo nó ionfhabhtú nádúrtha roimhe seo. Taispeánadh go dtugann teanndáileog cosaint bhreise i ndiaidh ionfhabhtaithe. Tá sé molta fós go bhfaigheann agus críochnaíonn daoine a gcúrsa vacsaíne príomha agus teanndáileog muna bhfuil sé déanta acu cheana.
Dúirt an tAire Ó Donnghaile:
“Cuirim fáilte roimh an t-uasdátú inniú don chlár vacsaínithe. Tá cosaint an-ard againn inár ndaonra mar gheall ar rath an chláir vacsaínithe. Déanfaidh clár vacsaínithe an Fhómhair cinnte go leanfaimid ag cosaint na ndaoine is leochailí inár bpobail.
“Molann an fhianaise go bhfuil seans go laghdóidh dara teanndáileog na rátaí ionfhabhtaithe, rud a chabhródh le hoibritheoirí na chúraim sláinte agus a choinneodh an córas sláinte ag gabháil sna míonna gheimhridh.
"Is é príomhchuspóir an vacsaínithe ná tinneas tromchúiseach, seal san ospidéal agus bás a sheachaint. Tugann imdhíonacht hybrid mar gheall ar ionfhabhtú agus vacsaíniú teanndáileoige cosaint níos láidre ná ionfhabhtú amháin. Mar sin, molaim d’aon duine nach bhfuil a gcúrsa príomha nó vacsaín teanndáileoige faighte acu é a dhéanamh chomh luath agus is féidir.”
Dúirt an PL eatramhach, an tOllamh Breda Smyth:
“Tá fianaise shoiléir ann go raibh i bhfad níos lú déine ag baint leis an t-athraitheach Omnicron ná na hathraitheacha roimhe seo mar gheall ar ghlacadh ard na vacsaíní. Cé go raibh borradh in ionfhabhtuithe le déanaí, níor tháinig an brú céanna ar ár n-ospidéil agus daoine ag eirí go dona tinn, buíochas le Dia. Tá na vacsaíní COVID-19 thar a bheith éifeachtach ina thaobh seo.”
Oibreoidh an Roinn Sláinte agus an FSS obair anois chun na huasdátuithe seo a chur i bhfeidhm.
CRÍOCH
I ndiaidh na sraithe vacsaíne príomha nó ionfhabhtú SARS-CoV-2 deimhnithe, moltar eatramh ceithre mhí roimh aon dháileoga vacsaíne ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh eatramh trí mhí ar a laghad a úsáid as an ngnáth.