Fógraíonn an tAire O’Donovan infheistíocht €5.45m um chaomhnú ar Theach Chill Mochorróg, Garraithe Náisiúnta na Lus Éireann, Co. Chill Mhantáin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., mórthionscadal um chaomhnú ar Theach Chill Mochorróg i gCo. Chill Mhantáin. Tá an teach ar cheann de na tithe deireanacha ar stíl Queen Anne in Éirinn agus tá sé in anchaoi tar éis dóiteáin in 1978 agus 1982. Tá sé ar intinn anois ag OPW an foirgneamh a dhaingniú agus díon a chur air, ionas gur féidir an teach stairiúil tábhachtach seo a shábháil agus a chaomhnú ins na blianta atá romhainn.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas ar OPW agus orm féin go gcaithfear €5.45 milliún faoin Phlean Forbartha Náisiúnta chun Teach Chill Mochorróg a chosaint agus a chaomhnú. Nuair a tháinig Cill Mochorróg faoi chúram OPW in 1996, bhí an teach ina fhothrach. Faoi threoir an Phríomh-Gharraíodóra Seamus O’Brien tá mórán déanta chun na garraithe agus an bailiúchán róslabhras Himiléach de cháil domhanda a chaomhnú agus a chosaint. Cuirfidh sé le heispéireas cuairteoirí an teach a fheiceáil faoi chaomhnú arís. Ar deireadh, léireofar tábhacht ailtireachta agus staire an tí arís agus tacófar le dhá cheann de phríomhaidhmeanna PFN – neartú le heacnamaíocht na tuaithe agus breisiú áineasa agus oidhreachta.”
Tá sé mar aidhm ag OPW Teach Chill Mochorróg a chaomhnú mar cheann de na tithe tuaithe neamhdaignithe is luaithe in Éirinn. Déanfar oibreacha cosanta roimh an geimhreadh seo agus tosóidh na príomhoibreacha ar an láthair in 2022. Tabharfar aghaidh ar cheisteanna struchtúir agus dúnfar an teach ón aimsir – déanfar athchóiriú lasmuigh, cuirfear díon anuas agus fuinneoga agus dorais lasmuigh, daingneofar na hurláir agus na ballaí lasmuigh. Toisc gur foirgneamh stairiúil faoi chosaint é, caomhnófar atá ann cheana féin chomh fada agus is féidir.
Is é seo an chéim is déanaí ag OPW um fhorbairt agus infheistiú ins na Garraithe Náisiúnta Lus ag Cill Mochorróg. In 2019, fuair OPW seilbh ar 55 acra breise ó Choillte, a chuimsíonn an Garraí Daingean den stíl Leasríochta agus an Fhiapháirc Arcáideach ón 18ú aois. Tá ballaí agus háhánna na Fiapháirce nach mór slán agus is cuid suntasach iad den Pháirc Dhúitseach a thimpeallaíonn an teach. Tá sé i gceist gnéithe tírdhreacha na Fiapháirce a athchóiriú agus an Garraí Daingean a athchóiriú ar an mbunleagan amach den stíl Leasríochta. Agus an méid sin déanta, beidh a dhá oiread spáis ar oscailt do chuairteoirí agus beidh Cill Mochorróg faoi ardréim arís imeasc Garraithe Móra Éireann agus na Breataine.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Is teach faoi chosaint de thábhacht idirnáisiúnta é Teach Chill Mochorróg. Tá sé gar do Shléibhte Chill Mhantáin agus mar lárphointe de gharraí tábhachtach atá faoi chúram Gharraithe Náisiúnta na Lus agus á reachtáil ag Maoine Stairiúil Náisiúnta OPW. Is sampla uathúil é den stíl Queen Anne in éirinn a tógadh in 1697. Ba é an Ridire William Robinson a dhearaigh é faoi choimisiún ó Thomas Acton; ainmníodh “Westaston House” air ó 1750 go 1850. Bhí an teach agus na garraithe i seilbh theaghlach Acton anuas go dtí 1944 nuair a dhíol Charles Acton (1914–1999) é. Baineann suntas stairiúil agus ailtireachta ar leith leis an struchtúr.
Is mar gheall ar na garraithe iontacha agus an bailiúchán plandaí a chruthaigh muintir Acton is mó atá cáil ar Chill Mochorróg. Tá plandaí ann a baiíodh san 19ú aois ó Mheiriceá Theas agus ón Áis. Tháinig cuid mhór acu ó Gharraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon. Le 20 bliain anuas cuireadh go mór leis an mbailiúchán crann agus plandaí; mar gheall ar ithir difriúil (searbhach) agus leibhéal níos airde báistí tá sé mar chomhréitrach idéalach le Garraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon. Ainmniodh go hoifigiúil é mar chomhshuíomh de Gharraithe Náisiúnta na Lus in 2010.