An t-eolas is deireanaí ar sholáthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda - Deireadh Fómhair 2022
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Amhail an 30 Meán Fómhair, tá breis agus 20,000 áitreabh ar fud na tíre nasctha anois le leathanbhanda ardluais faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Agus breis agus 85,000 áitreabh in-nasctha ag deireadh mhí Mheán Fómhair, tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar an mbóthar ceart chun an sprioc atá aige a chomhlíonadh, is é sin go mbeidh breis agus 100,000 áitreabh in-nasctha faoi dheireadh an tríú bliain dá chonradh (deireadh mhí Eanáir 2023).
Soláthraítear le Nascphointí Leathanbhanda nascacht gan sreang chun tacú le hobair chianda agus le pobail nasctha trí rochtain phoiblí a thabhairt ar leathanbhanda ardluais saor in aisce roimh an bpríomh-imscaradh snáithín faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.
Amhail an 30 Meán Fómhair:
Foinsíodh na sonraí uile ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann, mar a bhí an scéal ag an 30 Meán Fómhair 2022. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann. Is féidir faisnéis faoi na staitisticí Príomhtháscaire reatha a fháil ar shuíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.
Seasann an limistéar Gorm ar léarscáil an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda do limistéir atá cumhdaithe cheana féin ag oibritheoirí tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí leathanbhanda ardluais. Ní thagann na limistéir sin faoi Limistéar Idirghabhála Stáit an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
Aon tomhaltóir sa limistéar Gorm a bhíonn ag teacht ar dheacrachtaí i ndáil le leathanbhanda ardluais a fháil, rud atá sainmhínithe mar íosluas íoslódála 30 Mbps agus mar íosluas uaslódála 6 Mbps, ba cheart dó/di teagmháil a dhéanamh lena s(h)oláthraí seirbhíse leathanbhanda chun an tsaincheist a imscrúdú agus chun a fháil amach cén fáth a bhfuil na luasanna leathanbhanda mall nó cén fáth nach féidir an tseirbhís sin a sholáthar.
Seoladh ríomhphoist ginearálta - contactus@nbi.ie
Seoladh ríomhphoist le haghaidh ionadaithe tofa - reps@nbi.ie
Thar an teileafón: 0818 624 624
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trínár bhfoirm ceiste don tseirbhís do chustaiméirí.
Tá an idirghabháil atá faoi stiúir an Stáit faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda á déanamh ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann faoi chonradh chun líonra leathanbhanda ardluais a sheasfaidh an aimsir a chur i bhfeidhm laistigh den limistéar idirghabhála, rud ina gcumhdaítear 1.1 milliún duine a chónaíonn nó a oibríonn i mbreis agus 560,000 áitreabh. Áirítear leo sin 100,000 ceann, beagnach, de ghnólachtaí agus d’fheirmeacha agus thart ar 679 scoil.
Tá an próiseas chun snáithín a sholáthar do gach teach sa Limistéar Idirghabhála ag bailiú nirt, agus measann Leathanbhanda Náisiúnta Éireann go mbeidh rochtain ag breis agus 100,000 ceann de thithe agus de ghnólachtaí ar bhonneagar leathanbhanda den chéad scoth faoi dheireadh na bliana 2022.
Tagann an Plean Náisiúnta Leathanbhanda faoi shainchúram na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.