Ceiliúrann Oifig na nOibreacha Poiblí Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá láithreacha oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ar oscailt ar fud na tíre sa tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ó 14 go 22 Lúnasa; tugtar cuireadh do chách oidhreacht áitiúil a fheiceáil le turais agus imeachtaí speisialta.
Is é ‘Oscail Doras na hOidhreachta’ téama na bliana seo. Tá treoraithe OPW ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus ó Dhún na nGall go Cionn tSáile ag súil le fáiltiú roimh chuairteoirí idir óg agus aosta chuig na séadchomharthaí náisiúnta agus na tithe stairiúla, agus chuig imeachtaí ins na páirceánna agus na garraithe. Tá mórchuid de na himeachtaí le linn na seachtaine ar siúl ar na láithreacha féin, ach tá cuid acu ar líne dírithe ar lucht féachana sa bhaile agus i gcéin.
D’fháiltigh Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, roimh scéal na seachtaine:
“Mar chomhpháirtnéir oifigiúil sa tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta, tá áthas ar OPW cuimsiú agus rannpháirtíocht san oidhreacht áitiúil ag cách a spreagadh ar na láithreacha oidhreachta uile. Creidim go dtugann an saorchead isteach ar láithreacha oidhreachta uile OPW, faoi phlean an Rialtais um théarnamh agus athoscailt, deis iontach do dhaoine láithreacha oidhreachta ina gceantar féin agus níos faide ó bhaile a aimsiú. Chruthaigh foireann OPW clár iontach imeachtaí le linn an tsamhraidh; tugann an tseachtain oidhreachta ach go háirithe deis um eolas a chur ar ár n-oidhreacht thógtha agus ar an tírdhreach nádúrtha mórthimpeall air.”
Dúirt Cathaoirleach OPW, Maurice Buckley:
“Ó athoscailt na láithreacha oidhreachta agus an maolú ar shrianta níos túisce sa bhliain, tá áthas ar OPW fáilte a chur arís roimh chuairteoirí chuig na láithreacha oidhreachta ar fud Éireann. Is tarraingtí ar leith iad, a tháirgeann áiseanna cultúrtha agus caitheamh aimsire do phobail áitiúla agus do thurasóirí araon. Is deis í Seachtain Náisiúnta Oidhreachta gach bliain um ghníomhú leis an bpobal trí imeachtaí atá cuimsitheach agus cruthaitheach. Tugann OPW cuireadh do chách teacht agus taitneamh a bhaint as a bhfuil ar fáil ag na láithreacha oidhreachta seo, i do cheantar féin nó ar saoire in Éirinn duit.”
Le saorchead isteach chuig láithreacha oidhreachta uile OPW i mbliana, is mó cuairteoir atá cheana féin ag oscailt doras na hoidhreachta. Féadfaidh siad freastal ar imeachtaí agus cláir bhreise ag láithreacha oidhreachta OPW sa tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta. Imeasc na bpríomhimeachtaí tá:
• Iliomad imeachtaí dírithe ar theaghaigh – turas ar shuíomh mainistreach Ghleann Dá Loch, tóraíocht taisce ar eochair an dorais agCaisleán Phort Omna, ceardlann foraoiseachta ag Caisleán Chill Chainnigh, imeachtaí um aimsiú crann ag Teach Farmleigh, agus ceardlanna saothair agus ealaíona ag Caisleán Dhún Garbhán agus Daingean Rinn Chorráin.
• Turais speisialta ar thithe stairiúla, garraithe agus crannlanna, ag roinnt eolais ar stair, ar bhailiúcháin agus ar ghnéithe speisialta gach ceann de na láithreacha oidhreachta.
• Trí cinn de dhrámaí lasmuigh arna léiriú ag Shiva Productions ag Garraithe Náisiúnta na Lus – Glasnaíon agus Cill Mochorróg.
• Dhá thuras siúlóide ar lorg na ‘bpríosún caillte’ i mBaile Átha Cliath – ó thuaidh agus ó dheas – dá n-eagrú ag Coimeádaí Phríosúin Chill Mhaighneann.
• Ar na himeachtaí ar líne beidh podchraoltaí, imeachtaí beo ar líne agus sraith thaifeadaí ceoil ó Mhainistir Shligigh agus Caisleán Parke.
Tá imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta saor in aisce seachas na drámaí ag Garraithe Náisiúnta na Lus – Glasnaíon agus Cil Mochorróg. Ach is gá réamhchlárú le haghaidh imeachtaí chun cloí le treoirlínte Covid-19. Tá liosta iomlán na láithreacha OPW agus na himeachtaí sa tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ag heritageireland.ie chomh maith le breis eolais faoi gach suíomh – uaireanta oscailte, riachtanais áirithinte agus sonraí teagmhála san áireamh.
-CRÍOCH-
Lean sinn ar Twitter pressoffice@opw.ie
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Tá an Seachtain Náisiúnta Oidhreachta comhordaithe ag An Chomhairle Oidhreachta mar chuid de Laethe Eorpacha Oidhreachta – comhthionscnamh ag Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach ina bhfuil 40 tír páirteach gach bliain. Is é príomhaidhm na Laethe Eorpacha Oidhreachta ná feasacht a chothú maidir lenár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus cultúrtha agus comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a chur chun cinn.