Ráiteas ón Aire Donohoe faoi phleananna Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le siopadóireacht saor ó dhleacht sa chás go mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ar maidin ag Seansailéir na Ríochta Aontaithe (RA) go bhfuil sé i gceist ag Rialtas na RA siopadóireacht saor ó dhleacht a thabhairt ar ais do phaisinéirí a bheidh ag taisteal chuig tíortha san AE má fhágann an RA an tAE gan mhargadh an 31 Deireadh Fómhair. Sna cúinsí sin, ghlacfadh an RA stádas mar 'thríú tír' i dtaca lena caidreamh trádála leis an Aontas Eorpach.
Níos luaithe i mbliana, ritheadh reachtaíocht fhorleathan san Oireachtas ina gclúdaítear socruithe teagmhasacha i ndáil le himeacht na RA as an AE sna cúinsí sin agus tá sé in am trátha seasamh na hÉireann a shoiléiriú sa chás go gcuirfeadh Rialtas na RA an beartas faoi leith sin i bhfeidhm maidir le siopadóireacht saor ó dhleacht sa chás nach mbeadh margadh ann.
An 22 Feabhra, foilsíodh an tAcht um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019. Cuireadh gach céim den Oireachtas ina leith i gcrích an 13 Márta agus shínigh an tUachtarán ina dhlí é an 17 Márta 2019. Tugadh beart faoi leith isteach faoin reachtaíocht maidir le díolacháin Saor ó Dhleacht idir Éire agus an RA sa chás go mbeadh cás 'gan mhargadh' i gceist. Leagadh amach an fhoráil atá san Acht mar bheart teagmhais toisc go rabhthas ag súil go mbeadh réiteach ar cheisteanna dá leithéid ina chuid de chomhaontú caidrimh amach anseo idir an tAE agus an RA. Bhí sé mar aidhm leis cosaint cómhalartach a chur ar fáil don RA sa chás go gcinnfeadh Rialtas na RA srian a chur lena scéim Saor ó Dhleacht.
Ach mar sin féin, toisc gur chinn an RA inniu scéim Saor ó Dhleacht neamhshrianta a chur i bhfeidhm sa chás go bhfágfadh an tír an tAE gan mhargadh, de réir an bheartais chómhalartaigh, ní chuirfeadh Éire tús leis an reachtaíocht ábhartha sa chás sin agus dá bharr sin, bheadh feidhm le rialacha an AE maidir le paisinéirí ag taisteal ó chalafoirt agus aerfoirt idir na tíortha AE agus tríú tíortha ón 31 Deireadh Fómhair ar aghaidh. Go bunúsach, chiallódh sé sin go n-oibreodh díolacháin saor ó Mhál agus CBL maidir le tobac agus alcól a cheannach i siopaí saor ó dhleacht, faoi réir teorainneacha ceannacháin cainníochtúla, idir Éire agus an RA.
Ní bhaineann an fógra ó Rialtas na RA maidir le siopadóireacht saor ó dhleacht le paisinéirí a bheidh ag taisteal ar oileán na hÉireann, idir an Tuaisceart agus an Deisceart agus ní bheidh réimeas saor ó dhleacht i bhfeidhm maidir le paisinéirí ag taisteal idir an dá dhlínse ar an oileán. Tá an beartas i gcomhréir le dlí an AE agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann.
Maidir le ráiteas Rialtas na RA, dúirt an tAire Donohoe:
“Mar gheall ar an bhfógra ó Rialtas na RA inniu maidir le siopadóireacht saor ó dhleacht idir an RA agus Ballstáit an AE, ciallaíonn sé go n-aontóidh Éire, d'fhonn cloí lenár n-oibleagáidí idirnáisiúnta, de réir mar a beartaíodh, le cinneadh Rialtas na RA ceannacháin saor ó dhleacht do phaisinéirí a bheidh ag taisteal as Éirinn chuig calafoirt agus aerfoirt sa RA a éascú. Ní mór do phaisinéirí chun na hÉireann atá ag ceannach earraí san RA atá saor ó dhleacht cloí leis na teorainneacha maidir le tomhaltas pearsanta a leagtar amach i ndlí an AE.”
Críoch