Beartais cúraim sláinte inacmhainne tugtha isteach ag an Aire Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig réimse beartas nua i bhfeidhm inné, an 1 Samhain 2020, lena gcuirfear cúraim sláinte inacmhainne ar fáil do níos mó ná milliún daoine fud fad na tíre.
Tugadh maoiniúchán do Stephen Donnelly TD, An tAire Sláine, chun an trí mhórbheartas sin a chur i bhfeidhm. Áirítear ar na beartais méadú ar an teorainn ioncaim don chárta liachta dóibh siúd atá thar 70 bliain d’aois, laghdú idir €10 agus €114 in aghaidh na míosa ar thairseach na Scéime Íocaíochta Drugaí, agus laghdú €0.50c ar chostais drugaí oidis do gach duine a bhfuil cárta liachta acu.
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly:
“Tá sé mar phríomhaidhm ag an Rialtas seo cúram sláinte ar phraghas níos ísle a chur ar fáil. Leis na beartais seo, laghdófar an t-ualach airgeadais do níos mó ná milliúin daoine sa tír. Tá na beartais uilechuimsitheach, agus déanfaidh siad leas do dhaoine óga agus aosta, daoine singile, agus dóibh siúd a bhfuil teaghlaigh acu. Trí rochtain ar chártaí liachta a thabhairt do níos mó daoine thar 70 bliain d’aois, is faide eile a mbeidh siad sláintiúil agus gníomhach, agus cuirfear go mór le caighdeán a mbeatha.”
Dúirt sé freisin:
“Beidh an geimhreadh atá amach romhainn dúshlánach agus muid ag dul i ngleic leis an ráig COVID-19. Cabhróidh na beartais seo le daoine sa gheimhridh atá romhainn agus ar feadh na mblianta amach anseo. Ba mhaith liom an deis a ghlacadh moladh a thabhairt do gach duine a bhfuil cúraim leighis de dhíth orthu an méid sin a lorg ar an bpointe. Tá ár n-ospidéil ar oscailt, agus tá ár ndochtúirí, altraí agus gairmí cúraim sláinte eile ag cabhrú le hothair. Má tá imní ar bith ort maidir le do shláinte, déan teagmháil le do dhochtúir láithreach.”
CRÍOCH