Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte seoladh seisiúin teiripe cainte saor in aisce mar chuid den chiste €1 milliún
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, inniu seoladh seisiúin teiripe cainte ar bhonn gan chostas do dhaoine aonair a raibh tionchar ag an bpaindéim orthu.
Soláthróidh comhpháirtí NGO MyMind suas le 16,500 seisiún comhairleoireachta agus síciteiripe, i níos mó ná 15 teanga, trí chiste tiomnaithe €1 milliún.
Dúirt an tAire Butler go bhfuil
“An maoiniú seo mar chuid den leithdháileadh breise de €10 milliún, aon uaire, do mheabhairshláinte a fógraíodh ar Lá an Bhuiséid chun eispéiris na ndaoine a úsáideann seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte a fheabhsú tuilleadh.
“Tá na seisiúin teiripe cainte dírithe ar dhaoine a raibh tionchar ar leith acu orthu le linn an ama seo, cibé acu trí thaithí phearsanta ar Covid-19 m.sh. méala, aonrú, dúlagar, imní; ag obair ar an líne tosaigh; nó trí éifeachtaí eacnamaíocha na paindéime lena n-áirítear iad siúd a oibríonn sna healaíona cruthaitheacha, siamsaíocht nó fáilteachas.”
Leanann seachadadh na dtacaíochtaí seo tionscnamh ar cuireadh tús leis in 2020 a fuair maoiniú ó Chiste Comhtháthaithe Sláintecare. Mar chuid den tionscnamh seo chuir MyMind thart ar 22,000 seisiún comhairleoireachta agus síciteiripe ar fáil go dtí seo.
Agus na seisiúin saor in aisce ar fáil anois, dúirt Krystian Fikert, Príomhfheidhmeannach MyMind:
“Mar thoradh ar phaindéim Covid-19, tá fíorghá le rochtain ar thacaíocht mheabhairshláinte ardchaighdeáin do chách. Tá tionchair Covid-19 ar mheabhairshláinte na hÉireann ag teacht chun solais cheana féin, le cuid againn ag dul i ngleic le méala, cumha, aonrú agus uaigneas, agus cuid eile le himní throm agus muid ag iarraidh bogadh ar aghaidh ón gcuid is measa den phaindéim. Chuaigh an phaindéim i bhfeidhm go mór ar shaol gairmiúil go leor daoine freisin. Tá sé seo ar fad sa bhreis ar an iliomad fachtóirí eile a théann i bhfeidhm ar dhea-mheabhairshláinte in Éirinn. Tá sé chomh tábhachtach mar sin go ndéanaimid beart anois chun aire a thabhairt dár meabhairshláinte.”
Soláthróidh MyMind gach coinne teiripe cainte a sheachadfar tríd an tionscadal seo agus déanfar iad ar líne trí fhísghlao nó trí ghlao gutháin. Is féidir na critéir incháilitheachta iomlána a fháil ar leathanach gréasáin tiomnaithe MyMind: [external-link https://mymind.org/free-counselling | Tionscadal COVID-19: Comhairleoireacht ar líne saor in aisce (físeán agus guthán) | MyMind ]
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Butler
“labhraímid go leor faoin tábhacht a bhaineann le hidirghabháil luath, agus tacaíochtaí a bheith ar fáil nuair a bhíonn gá leo. Sin an fáth a bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil agam le haghaidh teiripe cainte atá éasca a rochtain agus saor in aisce dóibh siúd is mó a bhfuil sé de dhíth orthu.”
CRÍOCH