TACAÍOCHTAÍ NUA FÓGARTHA AG AN AIRE MARTIN DO RAIDIÓ ÁITIÚIL AGUS DO LÉIRIÚCHÁN CLOSAMHAIRC A THACAÍONN LEIS AN EARNÁIL CHEOIL BHEO
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Catherine Martin tacaíochtaí breise airgeadais €4.9m inniu d’earnáil na craoltóireachta. Tá na tacaíochtaí seo dírithe ar raidió neamhspleách, ar raidió áitiúil agus réigiúnach go háirithe, agus ar léiriúchán clár a thacaíonn leis an earnáil cheoil bheo.
Cuirfidh an tAire Martin maoiniú breise €2.5m ar fáil don earnáil raidió neamhspleách.
Scríobh an tAire chuig Údarás Craolacháin na hÉireann inniu chun iarraidh orthu babhta maoiniúcháin a eagrú go luath an bhliain seo chugainn don earnáil raidió neamhspleách. D’iarr an tAire orthu tús áite a thabhairt do stáisiúin raidió áitiúil agus réigiúnach go háirithe.
Dúirt an tAire inniu: “Bhí ról ríthábhachtach ag an raidió chun nuacht agus eolas ar féidir brath orthu a chur ar fáil do shaoránaigh le linn ghéarchéim COVID-19, chomh maith le pobail áitiúla a thabhairt le chéile. Táim thar a bheith sásta maoiniú breise €2.5m a chur ar fáil chun tógáil ar thacaíochtaí don earnáil a cuireadh ar fáil níos luaithe chun a chinntiú gur féidir leo leanúint le seirbhísí a sholáthair ag an am dúshlánach seo nuair atá laghdú tagtha ar ioncam ó fhógraíocht”
“Tá súil agam go gcabhróidh an maoiniú breise seo le stáisiúin raidió áitiúil timpeall na tíre a raibh bliain dhúshlánach acu. Bhuail mé le lucht na hearnála agus chuir siad a gcúiseanna imní in iúl dom. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil níos mó tacaíochta ag stáisiúin raidió áitiúil agus muid ag súil le tréimhse níos fearr don tír an bhliain seo chugainn.”
Ag tabhairt aitheantais do na dúshláin ghéara atá le sárú ag an earnáil cheoil mar thoradh ar COVID-19, d’iarr an tAire ar Údarás Craolacháin na hÉireann gairm a chur amach le haghaidh tionscadail ar leith a thacaíonn leis an earnáil seo sa chéad bhabhta ginearálta eile de Fhuaim agus Fís agus chuir sí €1.4m ar fáil i gcomhair na dtionscadal sin.
Dúirt an tAire: “Tá grá againn go léir don cheol beo agus mothaímid uainn gigeanna agus ceolchoirmeacha. D’iarr mé ar Údarás Craolacháin na hÉireann, mar sin, gairm a chur amach le haghaidh tionscadal a thacóidh leis an earnáil sa chéad bhabhta ginearálta eile d’Fhuaim agus Fís.”
Cuirfidh sé seo leis na tionscnaimh eile atá tosaithe ag an Aire chun tacú leis an earnáil cheoil bheo.
Anuas air sin, d’iarr an tAire ar Údarás Craolacháin na hÉireann €1m maoiniú breise a sholáthair do bhabhta reatha Fhuaim agus Fís a bhfuil ró-éileamh air, chun tacaíocht a bhfuil géarghá leis a chur ar fáil don earnáil léiriúcháin neamhspleách.
Nóta d’Eagarthóirí:
Is anuas ar thacaíochtaí eile a chuir an tAire ar fáil níos luaithe sa bhliain a thagann an €4.9m a fógraíodh inniu.
Bhain an earnáil raidió tairbhe as tarscaoileadh i leith an tobhaigh chraolacháin don chéad leath de 2020, arbh fhiú €1m don earnáil. Dáileadh babhta speisialta €2.5m de Chiste Fhuaim agus Fís don raidió brabúsach, stáisiúin áitiúla agus stáisiúin réigiúnacha san áireamh, sa bhliain 2020 chomh maith.
Don earnáil chlosamhairc, chuir an tAire maoiniú €2m ar fáil i bpacáiste spreagtha mhí Iúil chun an méid airgid atá ar fáil sa bhabhta is déanaí d’Fhuaim agus Fís a thabhairt suas go €4.5m. Is anuas ar €7m a cuireadh ar fáil níos luaithe sa bhliain don earnáil chosamhairc faoi Fhuaim agus Fís a tháinig sé seo.
Cuirfidh Údarás Craolacháin na hÉireann sonraí eile faoin gCiste Craolacháin ar fáil in am trátha, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar na babhtaí seo.