Béim leagtha ag an Aire Humphreys agus ag an Aire McConalogue ar na freagrachtaí atá ar úinéirí madraí le linn shéasúr na n-uan
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na freagrachtaí atá ar úinéirí madraí agus leochaileacht chaorach i ndáil le hionsaí ó mhadraí curtha i gcuimhne arís inniu ag an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus séasúr na n-uan ag teannadh linn.
Dúirt an bheirt Airí gur ábhar mór imní an fhadhb seo don phobal feirmeoireachta agus go bhfuil ionsaí ar chaoirigh ag tarlú i bhfad ró-mhinic amuigh faoin tuath.
Léiríonn na figiúirí is déanaí atá curtha i dtoll a chéile ag údaráis áitiúla gur tharla 240 eachtra de ‘Chiapadh Beostoic’ sa bhliain 2020 - agus táthar ag súil le huimhreacha den chineál céanna nuair a bheidh tuairisceáin na bliana 2021 tugtha chun críche.
Is féidir le hionsaithe ó mhadraí caoirigh a ghortú go dona nó iad a mharú agus d’fhéadfadh strus ollmhór agus caillteanas airgeadais a bheith i gceist do theaghlaigh feirme mar thoradh orthu.
Inniu, thug an tAire Humphreys agus an tAire McConalogue cuairt ar fheirm caorach in Iardheisceart Bhaile Átha Cliath, áit ar fhógair siad go bhfuil tús le cur le feachtas feasachta a mhairfidh le linn shéasúr na n-uan.
Dúirt an tAire Humphreys inniu:
“Is féidir le hionsaithe ar chaoirigh tionchar millteanach a bheith acu ar fheirmeoirí, a ngnó, agus a dteaghlach. Tá madra agam féin agus tá a fhios agam go bhfuil formhór na ndaoine a bhfuil madraí acu thar a bheith freagrach. Ach léiríonn na figiúirí is déanaí gur tuairiscíodh 240 eachtra de ‘Chiapadh Beostoic’ chuig údaráis áitiúla sa bhliain 2020. Anois agus tús le séasúr na n-uan, táimid ag fáil níos mó agus níos mó tuairiscí ar na heachtraí sin i gceantair thuaithe na hÉireann. Tiocfaidh nach mór 2.5 milliún uan ar an saol ar fheirmeacha ar fud na hÉireann an t-earrach seo. Tá tréada caorach i mbaol mór ag ionsaithe ó mhadraí ag an am criticiúil seo, agus go háirithe i rith na hoíche. Tá sé uafásach ag feirmeoir ar bith an drochbhail agus céasadh ollmhór atá madraí ábalta a dhéanamh ar chaoirigh agus an phian a bhíonn orthu dá réir a fheiceáil. Táim ag impí mar sin ar dhaoine a bhfuil madraí acu inniu, go háirithe i gceantair faoin tuath, a gcuid madraí a choinneáil faoi smacht agus a bheith ar an airdeall an t-am ar fad.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Cuireann ciapadh caorach strus ollmhór agus strus nach bhfuil aon ghá leis ar fheirmeoirí, agus cruthaíonn siad fadhbanna tromchúiseacha leasa ainmhithe freisin do chaoirigh agus d’uain nua-bheirthe. Tá peataí nach bhfuil aon smacht orthu ábalta tréad a scriosadh laistigh de chúpla nóiméad, agus tugtar le fios i dtuarascálacha go maraítear nó go ngortaítear suas le 4,000 caora in ionsaithe madraí gach bliain. Ní mór do dhaoine a bhfuil madraí acu a bheith freagrach as a gcuid peataí, agus caithfidh na peataí sin a bheith faoi smacht i gcónaí - ná dearmad gur féidir leis an bpeata teaghlaigh is láiche fiú caoirigh agus uain a mharú nó a scriosadh. Ná scaoil do mhadra amach go deo gan duine a bheith ina fheighil, san oíche go háirithe.”
Chuir an tAire in iúl freisin go bhfuil úinéireacht fhreagrach peataí ina tosaíocht ag an Roinn. Ní mór micrishlis a chur i ngach madra faoin dlí a dúirt sé.
“Faoi dlí, ní mór micrishlis a chur i ngach madra agus is cion é madra nach bhfuil micrishlis ann a bheith agat, é a bhogadh, a dhíol nó a chur ar fáil. Tá mé tiomanta d’oibriú leis an Aire Humphreys lena chinntiú go dtiocfaidh deireadh le ciapadh caorach ag madraí, agus tá ár gcuid oifigeach ag obair lena chéile chun forfheidhmiú na ndlíthe a bhaineann le madraí a fheabhsú.”
Mar fhocal scoir, mheabhraigh an tAire do dhaoine a bhfuil imní orthu faoi eachtraí maidir le faillí nó cruálacht i leith ainmhithe gur féidir leo teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ar an nguthán nó ag an seoladh ríomhphoist tiomnaithe.
glao sábhála: 0761 064408
teileafón: 01-607 2379
seoladh ríomhphoist tiomnaithe - animalwelfare@agriculture.gov.ie