Foilsíonn an tAire Sláinte Bille nua chun an tírdhreach Eitice Taighde a athchóiriú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, foilsiú inniu ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Choistí Náisiúnta Eitice Taighde. Deimhnítear léi na pleananna atá ann chun samhail atá cuíchóirithe, rialáilte agus oiriúnach don fheidhm a fhorbairt le haghaidh an athbhreithnithe eiticiúil ar thionscadail taighde sláinte.
Is é an toradh a bheidh ar an mBille ná go n-athchóireofar an córas reatha, go dtacófar le cinntí níos comhsheasmhaí níos éifeachtúla le haghaidh staidéir thaighde agus go soláthrófar torthaí níos fearr d’othair.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris:
“Tá an Rialtas tiomanta do thacú le forbairt an taighde sláinte in Éirinn toisc go gcabhraíonn sé linn cúram níos fearr agus torthaí níos fearr a sholáthar d’othair, fórsa oibre sláinte atá nuálach agus ar ardchaighdeán a earcú agus a choinneáil, torthaí níos fearr a bhaint amach as caiteachas cúram sláinte, agus spriocanna níos leithne rialtais a bhaint amach ó thaobh fostaíochta agus gnóthachan geilleagrach de. Cuid bhunriachtanach de na spriocanna sin a bhaint amach is ea an Bille seo.”
Mar thoradh ar an athchóiriú, cuirfear roinnt Coistí Náisiúnta Eitice Taighde ar bun. Is é an chéad Choiste a chuirfear ar bun ná ceann a oibreoidh i réimse na dtrialacha cliniciúla táirgí míochaine. Gheobhaidh na tacaí náisiúnta tuairime aonair sin tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe ghairmiúil in Oifig Náisiúnta um Choistí Eitice Taighde (a n-óstálfaidh an Bord Taighde Sláinte í).
Dúirt an tAire freisin:
“I láthair na huaire, tá Éire ag feidhmiú faoi bhun a hacmhainne i réimse na dtrialacha cliniciúla. Dá bhrí sin, is gá tabhairt faoi athchóiriú mar bheart práinne sa réimse seo. Leis an athchóiriú atá beartaithe, cinnteofar go mbeidh ag othair in Éirinn an deis is fearr is féidir le páirt a ghlacadh i dtrialacha agus leas a bhaint as teiripí ceannródaíocha nuálacha.”
Is dóigh go mbeidh áit uathúil ag Éirinn i réimse na dtrialacha cliniciúla san Eoraip, toisc go mbeidh sí ar an aon tír aibí amháin ina labhrófar Béarla san Eoraip tar éis an Bhreatimeachta. Dá bhrí sin, baineann ríthábhacht le hathchóiriú práinneach chun a chinntiú go mbreathnófar ar Éirinn ar fud an domhain mar láthair tharraingteach chun dul chun cinn a dhéanamh ar thrialacha ceannródaíocha agus ar thaighde sláinte go ginearálta.
Ag fáiltiú dó roimh thionscnamh an Aire, dúirt Darrin Morrissey, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird Taighde Sláinte:
"Tá sé thar am i bhfad struchtúr náisiúnta comhtháite aonair um Choistí Eitice Taighde a bhunú in Éirinn. Cabhróidh sé le gníomhaíocht taighde sláinte agus trialach cliniciúla a fhás, rud a rachaidh chun tairbhe do shláinte an duine agus do chúram othar. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn agus thaca ag nuálaíocht sláinte agus fás geilleagrach in Éirinn.”
Dúirt Grainne Power, an Stiúrthóir um Údarú agus Clárú Táirgí Daonna san Údarás Rialála Táirgí Sláinte:
“Fáiltíonn an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte roimh fhorbairt an chreata náisiúnta um Choistí Eitice mar chuid dhílis den bhonneagar a theastaíonn le haghaidh taighde gníomhach sláinte agus trialacha cliniciúla gníomhacha a dhéanamh in Éirinn.”
CRÍOCH