An tAire Creed ag iarraidh ar dhaoine 'tús áite a thabhairt do shábháilteacht' roimh Stoirm Lorenzo
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D ag iarraidh ar fheirmeoirí, iascairí agus ar dhaoine i gceantair thuaithe a bheith níos airdeallaí agus réamhchúraimí a ghlacadh de réir mar atá Stoirm Lorenzo ag déanamh ar an tír. Ní fios fós cén tionchar a bheidh ag an stoirm ach tá sé tábhachtach céimeanna cuí a ghlacadh roimh ré seachas lena linn. .
"Molaim d'fheirmeoirí, d'iascairí agus do gach duine i gceantair thuaithe a chinntiú go bhfuil siad réidh don stoirm atá geallta agus iarraim orthu aird a thabhairt ar an gcomhairle ó na húdaráis, go háirithe sna contaetha is measa a bheidh buailte. Gach duine a bheith sábháilte ar ndóigh an tosaíocht atá againn agus leagaim béim arís ar an gcomhairle nach mór do gach duine a bheith ar an airdeall. I gcás feirmeoirí, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil clós na feirme sábháilte trí nithe scaoilte a dhaingniú. Fan go dtí go lagóidh an stoirm chun seiceáil ar bheostoc, caith seaicéad sofheicthe, tabhair fón póca leat agus déan cinnte go bhfuil duine éigin ar an eolas faoin áit a bhfuil tú ag dul."
Chomh maith leis sin, mheabhraigh an tAire d'úinéirí talún faoin mbaol a bhaineann le crainn a bheadh leagtha, go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar shreanga leictreacha. I gcásanna dá leithéid, ba chóir nach ndéanfadh aon duine ach amháin gairmithe de chuid an ESB, a bhfuil oiliúint chuí orthu, damáiste a mheas. Sa chás nach ndéantar díobháil do cháblaí ESB, ba chóir a bheith an-chúramach nuair a bheadh crainn dá leithéid a dtabhairt chun bealaigh go háirithe má bhíonn sábh slabhrach á úsáid.
Maidir le fadhbanna leasa ainmhithe a bhaineann le droch-choinníollacha aimsire, coinnigh i dteagmháil le do chomhairleoir Teagasc nó déan teagmháil le Líne Chabhrach Leasa Ainmhithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag:
Chomh maith leis sin, tá an tAire ag iarraidh ar dhaoine súil a choinneáil ar chomharsana scothaosta i gceantair thuaithe agus aon bhaoil a sheachaint thar aon ní eile. Ba chóir d'iascairí a bheith an-chúramach toisc gur ar feadh imeallbhord thiar na tíre is mó a bhraithfear an stoirm.
Tá sé deimhnithe ag an Aire freisin go bhfuil an Roinn ag glacadh páirt iomlán sa Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála.
Nóta d'eagarthóirí
CRÍOCH