Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, T.D., suíomh píolótach don Fhoireann Réitigh Géarchéime i bPort Láirge agus i gCill Chainnigh Theas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, T.D., inniu gur roghnaíodh Port Láirge agus Cill Chainnigh Theas in Eagraíocht Chúraim Sláinte Pobail (ECSP) 5 mar an chéad suíomh píolótach d’Fhoireann Réitigh Géarchéime.
Cuirfidh Foirne Réitigh Géarchéime measúnú agus tacaíochtaí gearrthéarmacha diana ildisciplíneacha ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí troma meabhairshláinte acu ina dtithe. Cuirfidh siad bealach eile ar fáil le hospidéal géarmhíochaine a iontráil nó le hothair a scaoileadh go luath ar ais isteach sa phobal.
Luaigh an tAire Butler,
“Is ionann fógairt an lae inniu agus garsprioc shuntasach i seirbhísí meabhairshláinte malartacha lasmuigh d’uaireanta a fhorbairt, ar aon dul lenár mbeartas meabhairshláinte náisiúnta, “An Fhís a Roinnt” agus le Plean Seirbhíse Náisiúnta FSS 2021.”
Tá an clár píolótach in ECSP 5 le tosú i Ráithe 1 2022, agus tá súil leis go nglacfaidh láithreáin eile páirt sa tástáil phíolótach níos déanaí an bhliain seo chugainn. Beartaítear go mbeidh an tseirbhís ar fáil lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre do dhaoine aonair atá 18 mbliana d’aois agus níos sine, trí atreorú ó DG, foireann meabhairshláinte phobail, foireann meabhairshláinte idirchaidrimh nó caifé pobail.
Dúirt an tAire Buitléir freisin,
“Cuirfidh caifé pobail leis an bhfoireann phíolótach réitigh géarchéime ina gcuirtear tacaíocht inrochtana meabhairshláinte lasmuigh d’uaireanta ar fáil do dhaoine a bhfuil leibhéil éagsúla riachtanais acu. Beidh an caifé faoi stiúir piaraí, agus cuirfear tacaíocht chliniciúil ar fáil, san áit a dteastaíonn sé, agus beidh sé ar oscailt d’fhéinatreoruithe agus do dhaoine a bhuaileann isteach ann”.
Dúirt an tAire Buitléir mar fhocal scoir,
“I measc na bhforbairtí eile a rinneadh le déanaí ar thacaíochtaí meabhairshláinte lasmuigh d’uaireanta tús a chur le hoibreacha tógála ar Theach Géarchéime i gCluain Meala an mhí seo, teileamhoil Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh (CAMHS) a thabhairt chun cinn agus caifé pobail a oscailt go hoifigiúil i nGaillimh.
"Cuireann iad seo go léir seirbhísí nuálacha malartacha lasmuigh d’uaireanta, a bhfuil súil agam leis go dtabharfar isteach go náisiúnta iad.”
CRÍOCH