Ceadaíonn an Rialtas moltaí a bhunaíonn Oifig mar gheall ar thochailt ag suíomh na hInstitiúide Máthair agus Leanbh i dTuaim a mhaoirsiú
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an Rialtas moladh inniu ón Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., chun Oifig neamhspleách a bhunú agus idirghabháil a threorú ag suíomh na seaninstitiúide Máthair agus Leanbh i dTuaim, contae na Gaillimhe. Beidh tochailt, aisghabháil, anailís, sainaithint (más féidir) agus imtheorannú arís de choirp na bpáistí aimsithe ag an suíomh i gceist leis an idirghabháil. Leanann an moladh chun Oifige an Stiúrthóra Idirghabhála Údaraithe a bhunú ó shíniú i ndlí den Acht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 níos luaithe sa mhí seo.
Ligeann an tAcht, a sholáthraíonn bunús reachtaíochta bunaidh don idirghabháil, don Rialtas, ar Ordú, idirghabháil a threorú ag suíomh éigin ar tharla adhlacthaí neamhoiriúnacha soiléire de dhaoine a fuair bás in institiúidí cónaithe. D‘fhéadfadh an Rialtas ordú a dhéanamh nuair a bhaintear amach na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht. Dhearbhaigh an Rialtas inniu go bhfuil siad sásta go raibh na critéir bainte amach maidir le Tuaim.
Leagfar dréacht den Ordú Rialtais ag iarraidh ar an Aire idirghabháil a dhéanamh, chomh maith le ráiteas de na cúiseanna a rinneadh an tOrdú, amach roimh an dá Theach den Oireachtas le haghaidh réiteach. Má cheadaíonn na Tithe í nuair a fhilleann siad san Fhómhar, bunófar an Oifig i dTuaim agus ceapfar Stiúrthóir.
Ag caint inniu dúirt an tAire:
“Cheadaigh an Rialtas inniu mo mholadh d’idirghabháil ag suíomh na seaninstitiúide Máthair agus Leanbh i dTuaim faoin Acht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 agus leagfar dréacht den Ordú ag treorú idirghabhála roimh Thithe an Oireachtais le haghaidh ceadú.
“Is iad seo na céimeanna deireanacha ag teastáil chun Stiúrthóra a cheapadh agus an tochailt i dTuaim a thosú. Tá am fada caite ag na teaghlaigh a mbaineann sé seo leo agus fiú daoine na hÉireann ag fanacht dó seo. Má cheadaíonn na Tithe é seo ceapfaidh mé Stiúrthóir san Fhómhar tosófar an tochailt chomh luath agus is féidir.”
Thug an tAire an Rialtas uasdátú ar an dul chun cinn cuimsitheach atá déanta go forleathan chun an Phlean Gníomhaíochta do Mharthanóirí agus Seanchónaitheoirí de na hInstitiúidí Máthair agus Leanbh a raibh foilsithe i mí na Samhna seo caite a chur i bhfeidhm. Luaigh sé go raibh 8 as na 22 gníomhartha críochnaithe, agus go raibh obair mhaith déanta ar na cinn eile.
Tugann an tAcht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 cumhacht:
o Tochailt den suíomh
o Aisghabháil de chorp duine
o Anailís den chorp i ndiaidh aisghabhála
o Sainaithint den chorp trí AND meaitseáil teaghlaigh (más féidir)
Déanfar na céimeanna seo a leanas le caighdeán fóiréinseach in aon líne le caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtas.