An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara ag impí ar ghnólachtaí Agraibhia: "Ullmhúcháin i gcomhair Breatimeacht 'Gan Mhargadh' a dhéanamh an tseachtain seo"
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'impigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. ar ghnólachtaí agraibhia, trádálaithe agus iompróirí earraí talmhaíochta inniu gníomhú láithreach lena chinntiú go bhfuil na céimeanna atá riachtanach glactha acu chun ullmhúcháin a dhéanamh i gcomhair Breatimeacht "Gan Mhargadh".
Dúirt an tAire: “Níl Éire ag iarraidh go dtarlóidh Breatimeacht gan mhargadh. Creideann an Rialtas agus an tAontas Eorpach gurb é an bealach is fearr chun cinn ná má dhéanann an Ríocht Aontaithe an Comhaontú Aistarraingthe a dhaingniú. Tá sé ráite ag Éirinn, an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe nach bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh teorainn chrua ar oileán na hÉireann ."
Níos luaithe an tseachtain seo, thug an tAire cuairt ar Chalafort Bhaile Átha Cliath chun breathnú ar na tionscadail bhonneagair shaintógtha a chuirfidh ar chumas a Roinne agus Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile rialuithe rialála riachtanacha a dhéanamh i ndiaidh an Bhreatimeachta.” Dúirt an tAire “Is mian liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne na páirtithe uile atá páirteach maidir le huasghrádú agus leathnú suntasach na saoráidí sin a úsáidfear i gcomhair trádáil tríú tír atá ann cheana, lena chinntiú go mbeidh na saoráidí sin ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir sa chás is go dtarlóidh Breatimeacht gan Mhargadh”.
Mar chuid de na hullmhúcháin uile-Rialtais i gcomhair Breatimeacht "Gan Mhargadh" a d'fhéadfadh tarlú an 31 Deireadh Fómhair 2019, tá na Coimisinéirí Ioncaim i mbun rannpháirtíocht threisithe le gnólachtaí a bhíonn ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe. Tá litreacha á n-eisiúint acu freisin ar bhonn céimnithe chuig trádálaithe ina leagtar amach na céimeanna ullmhúcháin is criticiúla maidir leis an mBreatimeacht lena n-áirítear an gá atá ann le clárú le haghaidh uimhir EORI (Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíochta) agus clárú le mo Roinnse más rud é go mbíonn siad ag aistriú ainmhithe, plandaí nó táirgí ainmhithe agus plandaí chuig an Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe.
Dúirt an tAire “Más gnólacht thú a bhíonn ag aistriú ainmhithe, plandaí nó táirgí ainmhithe agus plandaí chuig an Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe agus más rud é go bhfuil ceann de na litreacha sin faighte agat, déan teagmháil le mo Roinnse le do thoil, le gur féidir linn a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi na riachtanais maidir le hearraí den sórt a allmhairiú ón Ríocht Aontaithe nó a onnmhairiú chuig an Ríocht Aontaithe.”
Tá mé ag impí ar ghnólachtaí san earnáil Agraibhia agus earnálacha gaolmhara eile lena chinntiú go bhfuil a fhios acu céard go díreach is ceart a dhéanamh sa chás go dtarlóidh Breatimeacht "Gan Mhargadh" agus na hullmhúcháin a bhfuil gá leo a dhéanamh anois.
“Déan cinnte go bhfuil tú cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus le mo Roinnse[1] , déan cinnte go bhfuil a fhios agat cé na cáipéisí agus deimhnithe nach mór duit a chur ar aghaidh, an duine a gcaithfidh tú na cáipéisí agus deimhnithe a chur ar aghaidh chuige agus cén teorainn ama a bhaineann len iad a chur ar aghaidh. Déan cinneadh maidir leis an duine a bheidh freagrach as na cáipéisí agus deimhnithe a chur ar aghaidh - tú féin nó gníomhaireacht custam.
Ba cheart do gach trádálaí earraí a úsáideann pailléid adhmaid nó pacáistiú adhmaid chun earraí a aistriú chuig an Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe a chinntiú go mbaineann a gcuid pacáistithe an caighdeán ISPM 15 amach agus go bhfuil sé marcáilte go soiléir ar an bpacáistiú go mbaineann sé an caighdeán sin amach.
Dúirt an tAire freisin “Mar chuid dár gcuid iarrachtaí chun daoine a choinneáil ar an eolas agus chun cuidiú le gnólachtaí na céimeanna is gá a ghlacadh chun fáil réidh don Bhreatimeacht, beidh ionadaithe ó mo Roinnse i láthair ag roinnt taispeántas Talmhaíochta, lena n-áirítear Seó Náisiúnta Beostoic Thulach Mhór, Seó Talmhaíochta Achadh an Iúir agus ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Reáchtálfaimid roinnt imeachtaí a bheidh dírithe ar chúrsaí Talmhaíochta i mí Mheán Fómhair ina ndéanfaimid plé díreach leis na daoine/gnólachtaí san earnáil. Beidh na himeachtaí sin ar siúl timpeall na tíre agus cuirfear sonraí maidir leis na himeachtaí sin ar láithreán gréasáin mo Roinnse sna seachtainí atá amach romhainn."
“Ní féidir linn a shéanadh go mbeidh dúshláin ag baint le Breatimeacht "Gan Mhargadh" agus go mbeidh tionchar aige ar chúrsaí trádála. Níl aon mhaith a bheith ag guí nach dtarlóidh sé agus nach mbeidh orainn dul i ngleic leis. Bheadh tú i bhfad níos fearr as tú féin a ullmhú anois agus gach rud is féidir leat a dhéanamh a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh tú réidh. Seiceáil do shlabhra soláthair. Déan athbhreithniú ar d'oibleagáidí rialála. Déan teagmháil le do sholáthróirí agus cliaint.
Tacaíochtaí
Tá sraith céimeanna praiticiúla tugtha isteach ag an Roinn chun cuidiú leis an earnáil agus í ag ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh i gceist leis an mBreatimeacht.” Is féidir tuilleadh eolais maidir leis na tacaíochtaí uile a fháil ar láithreán gréasáin mo Roinnse.
“Más rud é nach bhfuil daoine nó gnólachtaí cinnte i dtaobh céard is ceart a dhéanamh agus an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar an gcaoi a dhéanann siad a gcuid gnó, ba cheart dóibh breathnú ar www.agriculture.gov.ie/brexit agus/nó www.gov.ie/brexit agus más rud é go bhfuil tuilleadh eolais nó sonraí ag teastáil uathu, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh le mo Roinnse ag Brexitcall@agriculture.gov.ie nó 076 106 4443”
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá sé ráite ag Rialtas na Ríocht Aontaithe go n-imeoidh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach an 31 Deireadh Fómhair 2019.
Ba í an Ríocht Aontaithe (An Bhreatain Mhór & Tuaisceart Éireann) an páirtnéir trádála is mó a bhí ag Éirinn in 2018 nuair a cuireadh 40% d'earraí na hearnála agraibhia chuig margaí sa Ríocht Aontaithe.
Tá sé ríthábhachtach go ndéanann gnólachtaí a gcuid ullmhúchán anois le gur féidir leo a bheith chomh ullamh agus is féidir sa tréimhse sula n-imeoidh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach agus an tréimhse díreach ina dhiaidh sin.
Níl aon táillí i gceist le clárú leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ná leis na Coimisinéirí Ioncaim. Cinnteoidh clárúchán go mbeidh gnólachtaí ábalta a bheith ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe i ndiaidh an Bhreatimeachta. Cinnteoidh clárúchán freisin go mbeidh an Roinne ábalta teagmháil dhíreach a dhéanamh le gnólachtaí ar bhealach dírithe.
Tá faisnéis mhionsonraithe ar fáil ag www.agriculture.gov.ie/brexit
(1) Más rud é go mbíonn tú ag aistriú bia de thionscnamh plandaí isteach sa Ríocht Aontaithe nó amach as an Ríocht Aontaithe, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Sláinte Comhshaoil an FSS – www.hse.ie