Reáchtálfaidh an Roinn sraith Clinicí Feirmeoirí ar an láthair ar fud na tíre le haghaidh BISS 2024 agus scéimeanna eile a bhaineann le ceantar
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara sraith Clinicí Feirmeoirí ar an láthair inniu chun cabhrú le feirmeoirí a n-iarratais a dhéanamh ar líne ar an Liúntas Tacaíochta Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht (BISS) agus ar scéimeanna eile a bhaineann le ceantar.
Beidh Clinicí Feirmeoirí BISS ar siúl ó 10r.n.-4.30i.n. agus cuirfidh foireann ón Roinn tacaíocht duine le duine ar fáil chun cabhrú le feirmeoirí a n-iarratais scéime a chur isteach i bhfad roimh an dáta deiridh, is é sin an 15 Bealtaine 2024. Bhí an-tóir ag feirmeoirí ar na clinicí seo le blianta beaga anuas.
San iomlán, sceidealaítear 17 gClinic Feirmeoirí (féach an liosta iomlán thíos nó ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/7ce78-/?referrer=https%3A%2F%2Fwww.gov.ie%2Fagriculture%2Fevents) agus cuireann siad deis ar fáil d'fheirmeoirí tacaíocht a fháil ó fhoireann na Roinne chun réimse iarratas a dhéanamh a bhaineann le scéimeanna tacaíochta a bhaineann le ceantar, amhail BISS. Tá na clinicí seo úsáideach go háirithe d'fheirmeoirí nach bhfuil comhairleoir faofa FAS acu chun cabhrú leo lena n-iarratas.
Ionad | Dáta | Amanna |
Inis - The Woodstock Hotel | Dé Máirt, an 2 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Órán Mór - The Maldron Hotel | Dé Céadaoin, an 3 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Baile Átha Luain - The Sheraton Hotel | Dé Máirt, an 9 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Tuaim - Ard Rí House Hotel | Dé Céadaoin, an 10 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Béal an Átha - Great National Hotel | Déardaoin, an 11 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Inis Córthaidh - Riverside Park Hotel | Dé Máirt, an 16 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Cill Airne - Randles Hotel | Dé Céadaoin, an 17 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Luimneach - Oifigí RTBM, Raithean | Déardaoin, an 18 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
An Uaimh - Newgrange Hotel | Dé Máirt, an 23 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Carn Domhnach - Aonad 10 Spraoi agus Spórt, Supervalu | Dé Céadaoin, an 24 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Baile Dhún na nGall - Central Hotel | Déardaoin, an 25 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Droim Seanbhó - Oifigí RTBM | Dé Máirt, an 30 Aibreán | 10r.n. - 4.30i.n. |
Carraig Mhachaire Rois - Shirley Arms Hotel | Dé Céadaoin, an 1 Bealtaine | 10r.n. - 4.30i.n. |
An Cabhán - Oifigí RTBM | Déardaoin, an 2 Bealtaine | 10r.n. - 4.30i.n. |
Cluain Meala - Minella Hotel | Dé Máirt, an 7 Bealtaine | 10r.n. - 4.30i.n. |
Baile Mhistéala - Firgrove Hotel | Dé Céadaoin, an 8 Bealtaine | 10r.n. - 4.30i.n. |
Cloich na Coillte - Oifigí RTBM | Déardaoin, an 9 Bealtaine | 10r.n. - 4.30i.n. |
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Dearadh an Liúntas Tacaíochta Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht (BISS) chun liúntas tacaíochta ioncaim dhírigh a chur ar fáil d’fheirmeoirí na hÉireann le bonn a chur faoina n-inbhuanaitheacht agus inmharthanacht leanúnach. Tá BISS maoinithe ag an Aontas Eorpach.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh chuig https://www.gov.ie/ga/feachtais/42d53-new-cap/?referrer=https%3A%2F%2Fwww.gov.ie%2Fcap%2F