Seolann Airí Siompóisiam One Health ag Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol Airí ó thrí Roinn Rialtais Siompóisiam One Health na hÉireann inniu.
Cuireann Siompóisiam One Health na hÉireann - ‘One Health - Ó Pholasaí Go Cleachtas’ tús le Seachtain Feasachta Dhomhanda Frithmhiocróbaigh, a bhíonn ar siúl ón 18 go dtí an 24 Samhain gach bliain. Leis an imeacht seo, cuirfear dearcadh Éireannach, Eorpach agus domhanda ar One Health ar fáil trí mheascán de phríomhchainteoirí, cás-staidéir agus díospóireachtaí painéil.
Is straitéis dhomhanda é an coincheap One Health chun comhoibriú agus cumarsáid idirdhisciplíneach a leathnú i ngach gné de chúram sláinte do dhaoine, d’ainmhithe agus don chomhshaol. Agus tuiscint aige go bhfuil sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte éiceachórais fite fuaite lena chéile, féachann One Health le sláinte agus folláine gach speicis a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí iarracht a dhéanamh cur leis an gcomhoibriú idir lianna, tréidlianna, gairmithe sláinte eolaíochta agus gairmithe comhshaoil eile chomh maith le neart sa cheannaireacht agus sa bhainistíocht a chur chun cinn chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Ag labhairt ag an Siompóisiam, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., a bhfuil freagracht speisialta air as Taighde agus Forbairt, an méid seo a leanas:
“Tuigtear anois go bhfuil cur chuige One Health ríthábhachtach chun dul i ngleic go héifeachtach le mórdhúshláin an 21ú haois maidir le sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí – saincheisteanna amhail frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, ionfhabhtuithe zónóiseacha agus ionfhabhtuithe atá ag teacht chun cinn, sábháilteacht bia agus slándáil bia, chomh maith le hathrú aeráide.”
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., freisin:
“Agus muid ag bailiú le chéile an uair seo, cuirtear i gcuimhne dúinn an t-idirnasc doshéanta idir sláinte an duine, leas ainmhithe agus ár dtimpeallacht chomhroinnte. Léirigh na dúshláin dhomhanda le gairid, go háirithe an Phaindéim COVID-19, an géarghá atá le féachaint thar ár n-earnálacha aonair agus cur chuige iomlánaíoch comhaontaithe um shláinte a chosaint a chur i bhfeidhm. Tá bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn lena n-áirítear bagairtí ó ghalair nua, ón athrú aeráide agus ó fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha go léir romhainn. Is í ár bhfreagracht chomhroinnte dul i ngleic leis na dúshláin le haontacht, le fadcheann, agus le nuálaíocht. Déanann an cur chuige One Health é sin go díreach.”
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan T.D.:
“Aithnítear go maith anois na naisc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte comhshaoil chomh maith leis an idirspleáchas eatarthu. Trí úsáid a bhaint as an gcur chuige One Health is féidir linn sineirgí cumhachtacha a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chasta ar féidir leo cabhrú le sláinte daoine a chosaint, cabhrú linn níos mó faoi ghalair ainmhithe nó trasnú zónóiseach a thuiscint, ár gcórais bia a neartú agus cabhrú linn dul i ngleic leis an athrú aeráide.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:
“Cabhróidh comhoibriú One Health lena chinntiú gur féidir linn go léir bagairtí sláinte a chosc, a thuar agus freagairt níos fearr a thabhairt orthu d'fhonn sláinte daoine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte comhshaoil a fheabhsú, agus cur le forbairt inbhuanaithe ag an am céanna.”
CRÍOCH
Fotheidil Ghrianghraif:
• Airí Heydon, Ryan agus Donnelly ag seoladh an tSiompóisiam ag Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann.
• C-D: An Dr Eimear Brannigan, Ceannaire Cliniciúil FSS um AMRIC (Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach agus Cosc agus Rialú Ionfhabhtaithe) FSS, Audrey Houlihan, POF, Coláiste Ríoga Lianna, an tOll. Mary Horgan, UCD??? An Dr Colm Henry Príomhoifigeach Cliniciúil FSS
• C-D: Robert Huey, Príomhoifigeach Tréidliachta Thuaisceart Éireann, an tOll. Michael McBride, Príomhoifigeach Leighis Thuaisceart Éireann, an tOll. Breda Smyth, Príomhoifigeach Leighis, an Dr Colette Bonnar, Leas-phríomhoifigeach Leighis, an tOll. Lourda Geoghegan, Leas-phríomhoifigeach Leighis Thuaisceart Éireann, an Dr Martin Blake, Príomhoifigeach Tréidliachta
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá comhdhearcadh idirnáisiúnta ann ar fud an Tionscnaimh One Health, ar sínitheoirí iad EDS (An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte), EBT (An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta), EDSA (Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe) agus Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), go bhfuil gá le gníomhaíocht ar fud na n-earnálacha sláinte daonna agus ainmhithe, na talmhaíochta agus an chomhshaoil i gcoitinne chun dul i ngleic leis an mbagairt dhomhanda ar shláinte an phobail a bhaineann le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (AMR).
Is éard atá i gceist le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (AMR) ná frithsheasmhacht miocrorgánaigh in aghaidh druga a bhí éifeachtach ar dtús chun cóireáil a chur ar ionfhabhtuithe a tháinig chun cinn de bharr an mhiocrorgánaigh sin. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus seadáin in ann ionsaí ó dhrugaí frithmhiocróbacha, amhail drugaí frithbhaictéaracha (e.g., antaibheathaigh), drugaí frithfhungasacha, frithvíreasacha, agus frithmhaláireacha a sheasamh, ionas go n-éiríonn gnáthchóireálacha neamhéifeachtach agus go leanann ionfhabhtuithe ar aghaidh, rud a mhéadaíonn an baol go leathfaidh ionfhabhtuithe chuig daoine eile.