Seolann an tAire an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta 2022
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (an 20 Eanáir) d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an dáta oscailte do shraith 2022 den Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta. Leis an scéim nua seo atá níos simplí agus níos éasca teacht uirthi, cuirfear níos mó tacaíochta ar fáil do thaibheoirí agus do dhaoine aonair sna gnólachtaí ceoil ar chuir srianta COVID-19 isteach orthu.
Dúirt an tAire:
“Tá plé leathan déanta agam le páirtithe leasmhara chun na dúshláin atá rompu a thuiscint agus chun tacaíochtaí a oibríonn don earnáil a chur ar fáil. Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta 2022 ag oscailt d’iarratais ar an Déardaoin 27 Eanáir. Mar chuid den €50m de thacaíochtaí a fuair mé don earnáil Siamsaíochta Beo do 2022, leithdháil mé €4m don Scéim seo in 2022.”
Foilseofar na treoirlínte do Scéim 2022 ar an Máirt seo chugainn, an 25 Eanáir ar shuíomh gréasáin na Roinne sula n-osclófar an tairseach iarratais ar an Déardaoin, 27 Eanáir 2022.
Feidhmeoidh an scéim ar bhealach cosúil le Scéim Tacaíochtaí Shrianta COVID trí dheontais suas le 15% den mheánláimhdeachas míosúil roimh an bpaindéim gan CBL a chur san áireamh a sholáthar.
Tá sí mar aidhm ag an scéim seo cur le forchostais dhaoine féinfhostaithe agus thrádálaithe aonair in earnáil an cheoil ar chuir COVID-19 isteach go mór orthu. Le bheith incháilithe, beidh ar dhaoine aonair/trádálaithe aonair a léiriú nach raibh a láimhdeachas in 2021 níos mó ná 40% dá meánláimhdeachas roimh an bpaindéim.
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Mar chuid de shraith beart chun tacú leis an earnáil, seoladh an Scéim seo in 2021 mar thacaíocht spriocdhírithe do thaibheoirí féinfhostaithe agus do thrádálaithe aonair a oibríonn san earnáil siamsaíochta beo amháin nach raibh incháilithe le haghaidh tacaíochtaí gnó eile ar nós Scéim Tacaíochtaí Shrianta COVID agus a ndeachaigh srianta phaindéim COVID-19 isteach go mór orthu.”
In 2021, thacaigh an Scéim le breis agus 1,000 taibheoir agus gnólacht siamsaíochta beo den sórt sin. Maidir le Scéim 2022, tá maoiniú curtha ar fáil arís ag an Aire, agus táthar ag súil go dtacóidh sé le thart ar an líon céanna taibheoirí, criú agus trádálaithe aonair in earnáil an cheoil. Beidh daoine aonair féinfhostaithe agus trádálaithe aonair, lena n-áirítear taibheoirí mar cheoltóirí, amhránaithe, dioscmharcaigh, criú soilse agus fuaime, agus soláthraithe threalamh fuaime i dteideal iarratas a dhéanamh.
Íocfar an deontas ar feadh sé mhí, ó mhí Eanáir 2022 go dtí mí an Mheithimh 2022, chun cabhrú le taibheoirí féinfhostaithe, trádálaithe aonair agus gnólachtaí a bhfuil laghduithe suntasacha tagtha ar a láimhdeachas de bharr phaindéim COVID-19 agus chun tacú lena dtéarnamh nuair a mhaolaítear na srianta sna míonna atá romhainn.
In 2022, chuir an tAire €50m ar fáil chun tacú le siamsaíocht bheo. Tá na scéimeanna maoinithe seo a leanas curtha ar fáil go dtí seo:
In 2021, thacaigh na scéimeanna seo leis na mílte duine aonair agus gnólacht a oibríonn in earnáil na n-imeachtaí beo agus na mílte uair an chloig fostaíochta d’ealaíontóirí agus do chriúnna a chuir imeachtaí ar stáitse.