Ag Tacú le Tuaithe Éireann: Fógraíonn an -tAire McConalogue infheistíocht ar luach €250,000 i seónna talmhaíochta na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD tar éis infheistíocht mhór ilbhliantúil a fhógairt i dtaispeántais talmhaíochta na hÉireann.
D'fhógair an tAire go n-infheisteofar €250,000 sna cúig bliana atá romhainn i mbunearnáil an taispeántais le rolladh amach rang úrnua atá dírithe ar na bodóga pórúcháin mairteola is fearr a thaispeáint. Beidh an rang nua seo á riar ag Cumann Seónna na hÉireann (CSÉ).
Beidh rang “Rogha an Phóraitheora” ar oscailt do cheithre agus cúig bodóg pórúcháin in dhá rang ar leith – na pórtha traidisiúnta agus pórtha na Mór-roinne. Cáilíonn bodóga ginealaigh chomh maith le bodóga tráchtála do gach rang. Bainfidh os cionn 60 seónna leas as an rang nua thar an smhradh.
Caption (l-r): Catherine Gallagher (National President of the ISA), Minister McConalogue and David Henry a pedigree Charolais breeder and suckler farmer from Co Donegal.
Tá an riachtanas maidir le bodóga ceithre réalta agus cúig réalta i laonna nó in ógh-bhodóga ailínithe le haidhmeanna Clár Sonraí na Mairteola agus na Géanómaíochta (CSMG) an CBT agus an Chláir um Éifeachtúlacht Carbóin na nDiúlóirí (CÉCT) atá ag teacht isteach sa chéad CBT eile chun líon na mbodóga sin a mhéadú sa tréad diúil. Is féidir níos mó bainne a fháil as ainmhithe ceithre réalta agus cúig réalta sa tréad diúil agus cuidíonn siad chomh maith le héifeachtúlacht iomlán na n-ainmhithe mairteola.
Agus ag labhairt dó ar an infheistíocht mhór in earnáil na seónna, dúirt an tAire McConalogue:
“Sé atá i líonra ná seónna ná bunchreat an oiread sin pobal talmhaíochta agus tuaithe. Tá séasúr na seónna buailte linn agus is cinnte go mbaintear an-spraoi as na hainmhí a ullmhú don tseó áitiúil. Sé atá is spreagúla fós ná an róiséad buí, dearg nó gorm a thabhairt abhaile. Is ar an bhfianais siúd a dhéantar ainmhí iontach as ainmhí maith.
“Is mór an t-áthas a chuireann sé orm bheith ag obair le Cumann Seónna na hÉireann san infheistíocht spreagúil, ilbhliantúil agus fhadtéarmach seo. Is gealltanas é seo uaimse agus ó mo Roinnse d’earnáil na Seó, do cháilíocht na n-eallaigh pórúcháin agus don tuath in Éirinn i gcoitinne. Táim ag súil go mór leis na bodóga agus lena n-úinéirí a fheiceáil i Rang nua na bPóraitheoirí ag Seónna ar fud na tíre. Is gealltanas é freisin ón Rialtas go leanfaimid ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta do thuaithe na hÉireann ar aon bhealach is féidir linn.”
Chuir Jim Harrison, rúnaí Chumann Seónna na hÉireann, fáilte roimh fhógra an Aire.
“Tá an-áthas orainn páirt a ghlacadh leis an Aire agus leis an Roinn ar an tionscnamh spreagúil nua seo ina ndéanfar infheistíocht mhór i líonra ár seónna. Cuidíonn an infheistíocht tosaigh cúig bliana seo i rang Rogha na bPóraitheoir go mór le muinín na bhfeirmeoirí, na bpóraitheoirí agus na láimhseálaithe i gcamchuairt na seoanna amach anseo. Molaim anois go dtabharfaidh na feirmeoirí agus na láimhseálaithe a gcuid bodóga ceithre réalta agus cúig réalta ar ardchaighdeáin amach agus isteach ina seó áitiúil an samhradh seo d'fhonn leas a bhaint as an rang taispeántais spreagúil nua seo.”