Aibhsíonn McConalogue an Gá le Freagraí Láithreacha na hÚcráine a Chomhardú le Bearta Meántéarmacha Éifeachtacha
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, béim inniu ar an ngá atá le scrúdú a dhéanamh ar na roghanna go léir chun slabhraí soláthair agus slándáil bia a chosaint agus an tAontas Eorpach ag leanúint ar aghaidh ag forbairt a fhreagra ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Ag labhairt dó roimh chruinniú Chomhairle na nAirí Talmhaíochta sa Bhruiséil Dé Máirt, dúirt an tAire McConalogue:
“Tacaíonn mé le nádúr cuimsitheach fhreagairt agraibhia an Choimisiúin Eorpaigh ar na tionchair a d’eascair as ionradh na Rúise ar an Úcráin. D’fháiltigh mé roimh phacáiste tacaíochta an Choimisiúin, lena n-áirítear cúnamh eisceachtúil a sholáthar, an creat nua um Chúnamh Stáit sealadach agus an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as maoiniú forbartha tuaithe. Iarrfaidh mé freisin faireachas leanúnach a dhéanamh sna míonna amach romhainn, ní hamháin maidir le costas na n-ionchur ach freisin maidir lena infhaighteacht.”
Dúirt an tAire go bhfuil gá le dearcadh meántéarmach chun slándáil bia a chinntiú ar leibhéal domhanda agus go mbeidh sé seo le sonrú go mór ag an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid an WTO (MC12) a bheidh ar siúl sa Ghinéiv i lár mhí an Mheithimh.
Dúirt an tAire:
“Táim ag tnúth le scéala an Choimisiúin a chloisteáil ar na hullmhúcháin do MC12 an mhí seo chugainn. Tá toradh dearfach sár-riachtanach i gcomhthéacs an tslándáil dhomhanda bia a chothabháil agus chun na tairbhí fíorúla a bhaineann le córas trádála idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha a aibhsiú. Tá a fhios agam go bhfuil an Coimisiún ag obair go dian le comhpháirtithe an WTO chun pacáiste slándála bia a chur le chéile, agus tacaím go hiomlán leis na hiarrachtaí sin. Is é bia an acmhainn is luachmhaire atá againn in amanna mar seo agus tá cur chuige domhanda, comhordaithe ríthábhachtach chun ár mbiashlabhraí a chosaint.”
“Ar ndóigh, ní mór don Aontas Eorpach a leasanna a chosaint go láidir i gcomhthéacs chlár oibre níos leithne an WTO, lena n-áirítear trí phríomhghnéithe an Chomhbheartais Talmhaíochta a chosaint, amhail saobhadh neamhthrádála (nó ‘Bosca Glas’) na dírÍ íocaíochtaí. Ní mór dó freisin toradh cothrom a bhaint amach ar iascach, ag cur san áireamh an dul chun cinn atá bainte amach faoin gComhbheartas Iascaigh agus, ó thaobh na hÉireann de, ag coinneáil na socruithe dí-cháinithe breosla atá ann faoi láthair.”