An Beartas Náisiúnta um Ailtireacht le borradh a chur faoi rannpháirtíocht phoiblí agus critéir cháilíochta dheartha nua a chruthú
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, Beartas Náisiúnta um Ailtireacht nua an Rialtais inniu, beartas a cheadaigh an chomhaireacht le gairid. Cuirfidh an beartas nua, ‘Áiteanna do Dhaoine’ borradh faoi rannpháirtíocht phoiblí le hailtireacht, gairm na hailtireachta a chumasú, go háirithe laistigh den tseirbhís phoiblí, caighdeán deartha a ardú, agus sonraí agus taighde ar an timpeallacht thógtha a fheabhsú, d’fhonn torthaí níos fearr a bhaint amach i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Dearbhaíonn ‘Áiteanna do Dhaoine’ an gá atá le tacú le hailtirí agus gairmithe timpeallachta tógtha chun go n-oibreoidh siad le chéile d’fhonn timpeallacht mhaireachtála ardchaighdeáin a bhaint amach do chách agus leasanna geilleagracha, sóisialta agus timpeallachta a bhaint amach do chathracha, bailte agus pobail faoin tuath ar fud na hÉireann trí fhoirgnimh agus spásanna poiblí inbhuanaithe, ardchaighdeáin a chur ar fáil.
Tá foilsiú critéir cháilíochta dheartha náisiúnta ina ghníomh tosaíochta sa bheartas. Is sraith de thástálacha cuspóra a bheidh iontu sin d’fhonn cáilíocht gach céim de thionscadail timpeallachta tógtha a mheas: dearadh, soláthar, tógáil, bainistiú, úsáid, caomhnú, athúsáid agus díchóimeáil. Beidh na luachanna measúnaithe bunaithe ar chritéir ardcháilíochta dheartha agus ar phrionsabail gheilleagair chiorclaigh na hEorpa. Trí chur chuige comhsheasmhach, cuspóireach a leagan amach i leith an cháilíocht dheartha a mheas, neartóidh na critéir sin nósanna imeachta soláthair phoiblí agus cuirfidh feabhas ar an gcumas atá ionainn foirgnimh a oireann do chách a chur ar fáil.
Féachtar leis an mbeartas seo rannpháirtíocht phoiblí níos mó le dearadh ailtireachta a spreagadh, trí úsáid a bhaint as uirlisí a spreagann gach páirtí leasmhar oibriú le chéile d’fhonn árais chónaithe, ionaid oibre agus spásanna poiblí a chruthaíonn pobail acmhainneacha, bhríomhara agus uilechuimsitheacha agus a choinníonn iad a chur ar fáil.
Is gníomh tosaíochta é líonra malartaithe faisnéise earnála poiblí atá beartaithe faoin mbeartas, ina bhféachtar le heolas agus dea-chleachtas i measc ailtirí agus gairmí timpeallachta tógála i Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla agus Gníomhaireachtaí Stáit a roinnt.
Gealltar leis an mbeartas seo measúnú a dhéanamh i ndáil le seirbhís taighde náisiúnta a bhunú d’fhonn acmhainn taighde i dtaobh ailtireachta agus timpeallacht thógtha a chruthú, a choimeád agus a fheabhsú. Féachtar leis an ngníomh beartais seo taighde ildisciplíneach a bhrú chun cinn d’fhonn borradh a chur faoi nuálaíocht, dearadh ardcháilíochta agus freagairtí tógála inbhuanaithe, agus cuireann sin ar ár gcumas an dul chun cinn i dtreo fhoirgnimh agus áiteanna ‘atá neodrach ó thaobh fuinnimh de’ a thomhas.
Tá na gníomhartha tosaíochta seo tábhachtach i dtreo chlár oibre ilbhliantúil, faoi stiúir Ailtire an Stáit, Ciaran O’Connor agus Bord Soláthair a bheidh freagrach as an bplean a chur i bhfeidhm.
Aithnítear go háirithe leis an mbeartas seo an méid ríthábhachtach atá ailtireacht ábalta a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí an rialtais a chur i bhfeidhm, tosaíochtaí amhail Tionscadal Éireann 2040, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2021, Tithíocht do Chách, Oidhreacht Éireann 2030 agus Tús Áite do Lár an Bhaile.
Feidhmeoidh an beartas chomh maith ina nasc le tionscnaimh nua faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus i dtreo Bauhaus Eorpach Nua a spreagadh, ag ceangal Éirinn leis an tionscnamh nua cruthaitheach agus ildisciplíneach seo. Is spás tionóil é an Bauhaus Eorpach Nua chun bealaí maireachtála amach anseo a dhearadh, atá suite ag an gcrosbhóthar idir ealaíon, cultúr, uilechuimsiú sóisialta, eolaíocht agus teicneolaíocht. Ní mór iarracht i gcomhar a dhéanamh ar mhaithe le todhchaí a bheidh inbhuanaithe, uilechuimsitheach agus álainn a shamhlú agus a thógáil.
Is éard a dúirt Malcolm Noonan T.D., an tAire Stáit atá freagrach as an Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán:
“Aithnítear leis an mbeartas seo an ról ríthábhachtach atá ailtirí agus gairmithe timpeallachta tógtha ábalta a bheith acu d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin éagsúla phráinneacha inbhunaitheachta agus shóisialta atá amach romhainn. Faoin mbeartas seo, cuirfear creat gníomhartha praiticiúla i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeimid ábalta an luach is mó a bhaint as ealaíon agus ceird na hailtireachta, chun foirgnimh phoiblí agus spásanna poiblí a chur ar fáil a fhoireann do chách.
Cuirim fáilte go háirithe roimh an mbéim atá ann an oidhreacht thógtha atá againn a choinneáil agus a athchóiriú, chun go mbeidh na pobail atá againn ábalta leas a bhaint as an scil, fuinneamh agus cúram a bhí i gceist leis na foirgnimh sin a chaomhnú go ceann i bhfad.
Is iad na hearnálacha poiblí, príobháideacha agus neamhbhrabúis a chuirfidh rath faoin mbeartas seo, trí rannpháirtíocht chruthaitheach, nuálach agus mheasúil a dhéanamh, ag tabhairt aitheantais do gach gné a bhaineann le dearadh agus tógáil, gnéithe atá ríthábhachtach d’inbhuanaitheacht agus folláine fhadtéarmach.”
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD:
“Is mar thoradh ar obair mhór i gcomhar ar fud earnálacha poiblí agus príobháideacha é an Beartas Náisiúnta um Ailtireacht nua. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a bhí páirteach sa phróiseas.
Tá an t-ádh orainn anseo in Éirinn go bhfuil ailtirí de scoth an domhain againn - agus níl sé ach mí ó shin ó tarraingeoidh aird air sin nuair a d’éirigh le Grafton Architects gradam an Aontais Eorpaigh don ailtireacht chomhaimseartha a thabhairt leo, gradam a bhí tuilte go maith acu. Feicim gach lá an méid a chuireann ailtirí agus gairmithe timpeallachta tógtha le príomhthosaíochtaí náisiúnta, plean Tithíocht do Chách mo Roinne féin san áireamh.
Creidim go dtacóidh an beartas Áiteanna do Dhaoine agus a chuid gníomhartha leis an méid sin agus go gcuirfidh sé feabhas air, agus go gcuideoidh sé árais chónaithe, ionaid oibre agus conláistí poiblí a chur ar fáil ina mbeidh pobail s'againne ábalta a bheith faoi bhláth.”
CRÍOCH
Eisíodh cáipéis phlé, Áiteanna do Dhaoine, i mí na Nollag 2019 chun tús a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí. Mar chuid den phróiseas sin reáchtáladh 11 ceardlann ildisciplíneacha agus suirbhé ar líne. Bhí 12 aighneacht ó 123 duine aonair agus eagraíochtaí mar thoradh ar an bpróiseas, a raibh moltaí fíormhionshonraithe agus fíorchuiditheacha i gcuid acu. Rinneadh anailís ar an ábhar sin chun eolas a dhéanamh do rogha cuspóirí agus gníomhartha. Bhain an fhoireann forbartha beartais leas as an ionchur a fuarthas ó ghrúpa comhairleach a dhéanann ionadaíocht ar ranna Stáit, oifigí agus comhairlí, earnálacha príobháideacha agus neamhbhrabúis agus ar ardoideachas.
Tá 42 céim sna trí réimse téamacha atá leagtha amach sa bheartas:
Déanfaidh Bord Soláthair maoirseacht ar an gcur chun feidhme, Bord a bheidh faoi chathaoirleacht an Phríomhailtire in Oifig na nOibreacha Poiblí, Ciaran O’Connor, agus ar a n-áireofar ionadaithe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ón Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, chomh maith le Ranna eile Rialtais agus gníomhaireachtaí poiblí (lena n-áirítear an Chomhairle Ealaíon agus an Chomhairle Oidhreachta) agus Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann. Socróidh an Bord Soláthair, le cuidiú ó shainghrúpa, clár oibre chun gníomhartha tosaíochta a mheas agus a shannadh, déanfaidh an Bord cur chun feidhme a athbhreithniú go rialta agus déanfaidh tosaíochtaí a chur in oiriúint agus cuirfidh leo de réir mar is gá.
Is iad seo a leanas cuspóirí an Bheartais Náisiúnta um Ailtireacht a bhí mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí: