An Plean Dlí agus Cirt 2021 arna fhoilsiú ag an Aire McEntee
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, inniu an Plean Dlí agus Cirt 2021 ina leagtar amach 240 beart chun córas dlí agus cirt a oibríonn don uile dhuine a thabhairt i bhfeidhm.
Tá an plean seo ar an gcéad cheann de shraith pleananna bliantúla a bheidh á dtabhairt i bhfeidhm ag an Aire ar mhaithe le hathchóiriú ar an Earnáil Dlí agus Cirt.
Cuirfear obair thábhachtach a bhfuil tús curtha léi cheana féin ag an Aire McEntee agus ag an Roinn Dlí agus Cirt chun cinn faoin bPlean Dlí agus Cirt 2021, na gnéithe seo a leanas san áireamh:
Dúirt an tAire McEntee,
“Leis an bPlean Dlí agus Cirt 2021 agus na bearta a bheidh á gcur i bhfeidhm agam i mbliana chun tús a chur leis an gclár athchóirithe agus leasúcháin, leagtar amach an bealach atá romhainn chun córas dlí agus cirt a chur ar bun a fhóireann don uile dhuine. Próiseas bliantúil a bheidh anseo feasta le bearta sonracha á leagan amach gach bliain a thabharfar i gcrích de réir clár docht ama i rith na bliana dár gcionn.
“Chomh maith lena chinntiú go mbíonn daoine slán sábháilte, tá de dhualgas orainn sa Roinn Dlí agus Cirt modh cothrom áisiúil a chur ar fáil trínar féidir an ceart agus an cóir a thabhairt i gcrích; seasamh leis an íospartach agus leis an bpobal; agus caitheamh le teann measa leo sin a fhéachann le tearmann a fháil sa tír seo nó le cónaí inár measc.
“Seasamh leis na daoine atá ag braith orainn ó lá go lá i mbun a gcuid gnó, saol an teaghlaigh nó saol an phobail, agus leo sin a mbíonn call acu le beart báúil tuisceanach uainne ag am géarchéime agus anró.
“Tagann an córas dlí agus cirt i gceist le gnéithe éagsúla de shaol na ndaoine. Is féidir tabhairt faoi athchóiriú ardaidhmeannach a chur ar bun chun córas dlí agus cirt a thabhairt chun cinn a chuireann le feabhsú an tsaoil in Éirinn. Córas Dlí agus Cirt a fhóireann don Uile Dhuine.”
Tá an Plean Dlí agus Cirt 2021, chomh maith le Ráiteas Straitéise trí bliana don Roinn Dlí agus Cirt, bunaithe ar chúig cinn de chuspóirí príomhthábhachtacha. Seo a leanas na cuspóirí sin agus roinnt de na bearta sonracha a dhéanfar ar mhaithe lena dtabhairt i gcrích:
1. Tabhairt faoi choireacht, treisiú leis an tslándáil náisiúnta agus athrú a chur ar an bpóilíneacht
2. Teacht níos furasta a bheith ag daoine ar an gceart agus ar an gcóir agus nuachóiriú ar chóras na gcúirteanna
3. Treisiú le sábháilteacht an phobail, rátaí athchiontóireachta a ísliú, cuidiú leis an íospartach agus foréigean baile, gnéis nó bunaithe ar inscne a chosc
4. Córas cóir imirce a fhóireann don ré digiteach a thabhairt i bhfeidhm
5. Brostú le nuálaíocht, claochlú agus gníomhú ar son na haeráide i ngach réimse den chóras dlí agus cirt
Dúirt James Browne TD, an tAire Stáit maidir le hAthchóiriú Dlí,
“Le foilsiú an Phlean Dlí agus Cirt 2021, leagtar amach na bearta leasaithe atá rún againn a thabhairt i gcrích i rith na bliana seo romhainn. I m'Aire Stáit maidir le hAthchóiriú Dlí dom, táim dírithe ar athruithe chun sochair a chur i bhfeidhm ar an gcóras dlí agus cirt sa tír seo a mbeidh an toradh is fiúntaí acu ar shábháilteacht an phobail agus ar fheabhas a chur ar an saol don chéad ghlúin eile.
“Bíonn tábhacht leis an gcóras dlí agus cirt i saol an uile dhuine, na daoine óga san áireamh. Táim ag tnúth, faoi scáth phlean na bliana 2021, le Straitéis Náisiúnta nua Dlí agus Cirt don Óige 2021-2026 a fhoilsiú, le hathbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le sceana, reachtaíocht an chearrbhachais a thabhairt chun cinn, Rialtóir nua Cearrbhachais a cheapadh, leanúint leis an obair in éineacht leis an bhFóram Náisiúnta maidir le Sábháilteacht faoin Tuath d'fhonn an pobal faoin tuath a chosaint agus cuidiú go díreach leis an bpobal in áiteanna a dtarlaíonn iompar frithshóisialta tríd an bhFóram maidir le hIompar Frithshóisialta.
“Tá rún daingean againn oibriú go dlúth leis an bpobal i gcomharsanachtaí éagsúla agus a chinntiú go mbíonn 'iomlán an phobail' de mheon ag an gcóras dlí agus cirt ag cur chuig an obair. Rachaidh bearta suntasacha leasúcháin agus athchóiriúcháin na bliana seo chun tairbhe don tír ar fad agus don uile dhuine a mhaireann in éineacht inti.”
Is é an Plean Dlí agus Cirt 2021 an plean tionscnaimh i sraith de Phleananna bliantúla Dlí agus Cirt. Beidh an Roinn Dlí agus Cirt ag saothrú leis na gníomhaireachtaí agus le páirtnéirí eile ar fud na hearnála chun tuairiscí aiseolais a fháil agus a chinntiú go mbaintear amach na spriocanna.
Beidh leasú ar gach Plean Dlí agus Cirt i ndiaidh a chéile maidir le bearta nua a shonrú iontu agus tráthchláir feidhme ina leith a leagan amach.
CRÍOCH