An Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Chaillteanas agus Cur Amú Bia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., ar an Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Chaillteanas agus Cur Amú Bia gur féidir le dul i ngleic le cur amú bia tairbhí ollmhóra a chruthú don chomhshaol.
“Lorgaíonn an lá inniu, an Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Chaillteanas agus Cur Amú Bia, feasacht agus gníomh comhchoiteann a chur chun cinn chun caillteanas agus cur amú bia a laghdú. Rud éigin é is féidir linn go léir a fhiosrú inár saol laethúil agus a fheabhsú, cibé acu sa ghnó nó inár dteaghlach. Má dhéanann gach duine dínn beart beag amháin chun ár nósanna a athrú, agus meas a léiriú ar an mbia a tháirgeann ár bhfeirmeoirí, is féidir linn go léir dul chun cinn a dhéanamh chun an méid cur amú bia a tháirgimid a laghdú”, a dúirt an tAire.
Meastar go gcailltear 14% de bhia an domhain idir an tráth a bhaintear é agus a mhiondíoltar é, agus meastar go gcuirtear 17% amú i miondíol agus ar an leibhéal tomhaltais. Cruthaíonn an caillteanas agus cur amú bia seo 8%-10% de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda – a chuireann le hathrú aeráide agus teagmhais adhaimsire. Cuirtear na hacmhainní a ídíodh chun an bia sin a tháirgeadh, saothar, talamh, uisce agus fuinneamh ina measc, amú i ngeall ar chaillteanas agus cur amú bia.
Cuimsítear i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 tiomantas don chur amú bia domhanda in aghaidh an duine a laghdú faoi dhó ar leibhéil mhiondíola agus tomhaltóra agus caillteanais bhia a laghdú feadh slabhraí táirgthe agus soláthair.
Cruthaíonn Caillteanas agus Cur Amú Bia a laghdú deis chun tairbhí aeráide a bhaint láithreach bonn agus inbhuanaitheacht fhoriomlán ár gcóras bia a fheabhsú – claochlú atá riachtanach le torthaí pláinéadacha agus cothaitheacha níos fearr a chinntiú don ghlúin reatha agus amach anseo.
Dúirt an tAire McConalogue, mar fhocal scoir,
“Caith seal inniu le smaoineamh faoin mbia a chuireann tú amú i do ghnólacht nó i d’áit chónaithe. Céim thábhachtach chun cinn é seo i dtreo na spriocanna inár bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.”
D’ainmnigh Comhthionól Ginearálta na NA, an 19 Nollaig 2019, an 29 Meán Fómhair mar an Lá Feasachta Idirnáisiúnta ar Chaillteanas agus Cur Amú Bia (A/RES/74/209).
D’aithin CG na NA sa rún go gcuirfeadh cloí leis an Lá Idirnáisiúnta go mór le feasacht a mhúscailt ar thábhacht na faidhbe agus le réitigh fhéideartha ar gach leibhéal, agus go gcuirfeadh sé iarrachtaí domhanda agus gníomh comhchoiteann chun cinn i dtreo SFI 12 (tomhaltas agus táirgeadh freagrach) a bhaint.
Baineann Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) 12 le tomhaltas agus táirgeadh freagrach.
Luaitear in SFI 12:
“Cur amú bia domhanda in aghaidh an duine a laghdú faoi dhó ar leibhéil mhiondíola agus tomhaltóra agus caillteanais bhia a laghdú feadh slabhraí táirgthe agus soláthair, caillteanais iarfhómhair san áireamh”.
Chun teacht ar leideanna breise faoi conas is féidir linne, mar thomhaltóirí, cur amú bia a laghdú, cliceáil:
Thacaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le roinnt tionscadail an-nuálacha um laghdú cur amú bia faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe (an CNFT).