An tríú cás den fhliú éanúil braite de réir mar atá dlús á chur le bearta cosanta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) inniu an tríú ráig de Fliú Éanúil H5N1 in éanlaith chlóis, i gceantar Bhaile na Lorgan i gCo. Mhuineacháin. Tá an ráig is déanaí in ealta ubh-bhreithe.
Tá a criosanna cosanta agus faireachais leathnaithe ag an Roinn timpeall na dtrí thréad chun an riosca go scaipfear an galar a mhaolú tuilleadh. Cuireann sé seo srianta breise ar ghluaiseacht éanlaithe clóis agus táirgí éanlaithe laistigh de na criosanna. Tá gluaiseachtaí isteach agus amach as na criosanna faoi réir ceadúnaithe freisin. Tá bearta faireachais breise i bhfeidhm laistigh de na criosanna srianta.
Síneann an crios srianta timpeall na ráige is déanaí isteach go Tuaisceart Éireann (TÉ) agus tá an Roinn ag obair go dlúth le comhghleacaithe i dTuaisceart Éireann ar bhearta rialaithe galar agus maolaithe riosca. Déanfaidh na húdaráis i dTuaisceart Éireann rialuithe gluaiseachta agus bearta faireachais breise laistigh dá ndlínse a bhainistiú ar bhealach cosúil le DAFM.
Aibhsíonn leathadh an ghalair lasmuigh de na criosanna srianta roimhe seo an riosca ard a bhaineann le hionradh fliú éanúil in ealtaí éanlaithe. Tá bithshlándáil dhian, lena n-áirítear éin a choinneáil istigh, ríthábhachtach chun an riosca a mhaolú agus ealtaí éanlaithe clóis a chosaint ar fud an oileáin/na tíre.
Mar a tugadh le fios le déanaí, dheimhnigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte, cé gur féidir le fochineál H5N1 a bheith ina chúis le galar tromchúiseach in éanlaith chlóis agus in éin eile, níor tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe i ndaoine leis an víreas seo san Eoraip agus dá bhrí sin meastar go bhfuil an riosca do dhaoine an-íseal. Ina ainneoin sin, moltar do bhaill an phobail, mar is gnách, gan éin fhiáine atá tinn nó marbh a láimhseáil. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach bhfuil aon fhianaise ar riosca maidir le tomhaltas táirgí éanlaithe atá cócaráilte i gceart.
Tá an Roinn i ndlúth-theagmháil le páirtithe leasmhara tionscail maidir leis an bhfliú éanúil.
Tá comhairle bithshlándála ar fáil ag an nasc thíos