Athbhreithniú Rialála Neamhspleách ar Cheadúnú Foraoiseachta Foilsithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit le freagracht as Foraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, roimh fhoilsiú ‘An Tionscadal Coillearnaí: Tuarascáil ar an Athbhreithniú Rialála’. Choimisiúnaigh Roinn an Aire an sain-athbhreithniú neamhspleách chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacháin foraoiseachta na hÉireann agus ba é an dlíghnólacht, Philip Lee LLP,
a rinne an t-athbhreithniú. Mhol dhá ghrúpa oibre a bhí páirteach in ‘An Tionscadal Coillearnaí’ – an grúpa a bhunaigh an tAire Hackett anuraidh le príomhpháirtithe leasmhara chun teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí na foraoiseachta in Éirinn – athbhreithniú ar rialacháin foraoiseachta na hÉireann a choimisiúnú.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Hackett faoin tuarascáil:
“Bhí sé riachtanach an tuarascáil neamhspleách a chur i dtoll a chéile chun measúnú a dhéanamh ar an rialáil chuí atá á déanamh ar fhoraoiseacht in Éirinn, agus a shoiléiriú cibé acu an féidir nó nach féidir aon fheabhsuithe a chur i bhfeidhm sa chóras ceadúnaithe fad is atáthar ag obair laistigh de pharaiméadair dhlí comhshaoil na hÉireann agus an AE. Tarraingítear aird sa tuarascáil ar athruithe sa dlí comhshaoil a bhí mar bhonn le creat rialála atá ag éirí níos casta agus ba chúis le moilleanna ar cheadúnais foraoiseachta a eisiúint le blianta beaga anuas. Déantar moltaí sa tuarascáil freisin nach mór do mo Roinn iad a bhreithniú le linn dúinn a bheith ag leanúint leis an riaráiste d’iarratais ar cheadúnas foraoiseachta a laghdú.”
“Is foinse luachmhar faisnéise í an tuarascáil seo agus doiciméad tagartha do gach duine atá páirteach san earnáil foraoiseachta. Is tuarascáil chuimsitheach atá ann agus ábhar comhairliúcháin mhionsonraithe le páirtithe leasmhara, agus reáchtáladh breis is 60 cruinniú le páirtithe leasmhara sular cuireadh an tuarascáil deiridh i dtoll a chéile. Molaim do gach páirtí leasmhar an tuarascáil a léamh go mion. Comhthreomhar leis seo, beidh an Bord Tionscadail atá i mbun an Tionscadail Coillearnaí a chur chun feidhme, ag déanamh mionstaidéir ar na moltaí agus ag obair le mo Roinn ar phlean gníomhaíochta don chur chun feidhme.”
Tá cóip den tuarascáil ar fáil ag an nasc seo a leanas: gov.ie - Regulatory Review of Forestry (www.gov.ie)