Athdhearbhaíonn an tAire McConalogue a thiomantas d’Earnáil Phrátaí Síl na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. cruinniú tairbhiúil ar bun inniu le baill de choiste prátaí FAÉ lena fhiosrú conas is féidir leis na himreoirí uile san earnáil cabhrú leis an earnáil intíre phrátaí síl a athbheochan. I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire,
“Gabhaim buíochas le FAÉ don chruinniú tairbhiúil liom agus le m’oifigigh inniu. Earnáil í an earnáil phrátaí síl a dtacaím go láidir leis. Earnáil í a bhfuil ollfhéidearthacht aici, agus táim tiomanta go dtiocfaidh borradh faoi arís eile agus go mbainfidh sé barr a mhaitheasa amach arís.”
Mar thoradh ar chinneadh an RA an tAontas Eorpach a fhágáil agus i ndiaidh dheireadh idirthréimhse an Bhreatimeachta an 1 Eanáir 2021, tá toirmeasc ar phrátaí síl ón mBreatain a iompórtáil isteach san AE faoi na Rialacháin um Shláinte Plandaí an AE. Baineann na Rialacháin le gach tír an AE ina bhfuil sé neamhdhleathach prátaí síl a iompórtáil ón mBreatain Mhór ar mhaithe le cuspóirí síolraithe. Cuireadh an cruinniú ar an eolas gur cuireadh an seasamh seo in iúl go soiléir ar feadh go leor blianta agus gur gá don tionscal dul in oiriúint don réadúlacht nua.
Dúirt an tAire McConalogue go bhfuil sé imníoch a fheiceáil go bhfillfidh an earnáil prátaí síl tráchtála intíre agus spreag sé gach imreoir sa tionscal a bpáirt a ghlacadh:
“Cuirfidh mé a mhéid tacaíocht agus is féidir liom ar fáil chun an earnáil phrátaí síl a fhorbairt, ach caithfidh fairsingiú breise an limistéir shíolta a bheith faoi stiúir an tionscail. Tá gealltanas i gceist leis seo ag saothraithe prátaí dóibh siúd a bhfuil infheistíocht á déanamh acu i dtáirgeadh síolta.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin go bhfuil an bealach is féidir lena Roinn féin infheistiú san earnáil á fhiosrú aige chun cabhair a thabhairt d’fhorbairt bhreise teacht air.
“Tacaím féin agus mo Roinn go gníomhach leis an earnáil phrátaí síl trí oibriú na Scéime Deimhniúcháin Síolta agus trí thiúbair bheaga a tháirgeadh ag Ionad Prátaí Tops i Ráth Bhoth, Contae Dhún na nGall. Lena chinntiú gur féidir le hIonad Prátaí Tops freastal ar an éileamh amach anseo, rinne mo Roinn infheistíocht mhór le déanaí in áiseanna atá ann.”
Dúirt an tAire mar fhocal scoir,
“Ceapaim go bhfuil ollfhéidearthacht ann chun an earnáil síolta intíre a athbheochan agus ba mhaith liom dá ndéanfadh gach duine san earnáil a ndícheall leis seo a bhaint amach. Tacóidh mé leis an earnáil má tá éileamh ann ón tionscal leis seo a bhaint amach.
CRÍOCH