Athosclaítear iarratais faoin sruth Gaeilge d’aghaidheanna siopaí faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Anallód, bhí comharthaí Gaeilge le feiceáil go coitianta inár mbailte is sráidbhailte, ach is annamh a fheictear iad anois, cuid acu mar mheabhrú ar shiopa dúnta le fada. Feictear cuid eile acu i rith athchóirithe agus oibreacha eile ar shiopaí – meabhrú ar shaol caite an fhoirgnimh. Tá mar aidhm ag an gciste nua seo sa sean chomharthaí, seo, go minic tréighte, a thabhairt ar ais in ard a léime arís.
Tar éis an bhfógra uaidh le déanaí de €3m do 85 tionscadal oidhreacht thógtha transna na tíre faoi Chiste um Struchtúir Stairiúla (HSF) na bliana seo, tá cuireadh á thabhairt inniu ag an Aire Stáit Oidhreachta agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, TD, inniu (14 Bealtaine 2021) d’iarratais nua faoin sruth Gaeilge d’aghaidheanna siopaí faoin gCiste.
Faoin sruth seo, a d’fhógair an tAire Noonan anuraidh, in éineacht leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD, agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, TD, tá comhchistíocht de €100,000 ar fáil chun tacaíocht a thabhairt d’aghaidheanna siopaí Gaeilge traidisiúnta.
Beidh deontais ar leith idir €15,000 agus €50,000 ar fáil do thionscadail incháilithe, lena n-áirítear oibreacha athchóirithe agus caomhnaithe ar aghaidheanna siopaí, fuinneoga agus comharthaíocht stairiúla.
Le cáiliú, ní mór go mbeadh na struchtúir ar Thaifead na Struchtúr faoi Chosaint an údaráis áitiúil chuí, nó incháilithe chuige sin.
Ag labhairt dó ar athoscailt iarratas faoin sruth seo, dúirt an tAire ‘Tá mo chroí istigh i gcaomhnú aghaidheanna siopaí, agus i measc na 85 duais a d’fhógair mé le gairid faoi HSF na bliana seo, bhí áthas orm go raibh seacht gcinn acu sin d’aghaidheanna siopaí Béarla. Tá súil agam go dtabharfar spreagadh ó fhógra an lae inniu do thionscadail d’aghaidheanna siopaí Gaeilge, a chaomhnóidh ár n oidhreacht thógtha is teanga araon sa Ghaeltacht agus lamuigh.’
Dúirt an tAire Martin, ‘Slí mhaith í an scéim seo chun infheictheacht na Gaeilge a mhéadú agus tá áthas orm go mbeidh deis eile ag úinéirí siopaí le haghaidheanna siopaí Gaeilge cur isteach ar chistíocht faoi HSF na bliana seo. Tá mo Roinn ag tnúth le bheith ag comhoibriú leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta leis an scéim iontach agus nuálach seo.’
Chuir an an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, TD, leis sin ag rá ‘Tá raon mór tacaíochta ar fáil don Ghaeilge ó mo Roinn agus ó ghníomharthaí stáit don phobal gnó agus cuireann an tionscnamh seo chun aghaidheanna siopaí a chaomhnú go mór leo siúd. Molaim d’aon úinéir siopa, nó d’aon úinéir iarshiopa incháilithe iarratas a dhéanamh agus tá súil agam torthaí na dtionscadal cistithe faoin sruth seo a fheiceáil.’
Ba cheart d’úinéirí struchtúr incháilithe iarratas a dhéanamh tríd an údarás áitiúil cuí.
Tá breis sonraí le fáil ar www.gov.ie/housing agus ó Oifigigh Chaomhantais Ailtireachta agus ó Oifigigh Oidhreachta an údaráis áitiúil.