McConalogue ag iarraidh socrú láidir a dhéanamh le feirmeoirí chun ullmhú don chéad CBT eile ag Cruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhreastail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, ar Chruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i Lucsamburg inniu. Thug Airí ó stáit uile an Aontais Eorpaigh faoi phlé cuimsitheach ar na hullmhúcháin don chéad Chomhbheartas Talmhaíochta eile. Mar chuid de Chruinniú na Comhairle, thug an Coimisinéir Eorpach Talmhaíochta, Janusz Wojciechowski, an scéal is déanaí don Chomhairle maidir leis na bearta atá ann chun an CBT arna ghlacadh mar fhreagairt ar an timpeallacht dhúshlánach oibriúcháin atá os comhair feirmeoirí ar fud an AE, a shimpliú.
Ag labhairt dó ag cur is cúiteamh faoi thodhchaí Thalmhaíocht na hEorpa, d'iarr an tAire McConalogue comhairliúchán láidir le feirmeoirí.
“Má táimid ag iarraidh ar fheirmeoirí cuspóirí beartais a bhaint amach, caithfidh siad a bheith i gcroílár na bpléití sin.”
Agus fáilte á cur aige roimh na bearta a rinne an Coimisiún cheana féin, le linn malartú tuairimí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha atá os comhair na hearnála talmhaíochta, chuir an tAire McConalogue i dtábhacht gur féidir níos mó a dhéanamh ag rá
"Táim muiníneach go bhfuil tuilleadh deiseanna ann chun próisis a chuíchóiriú go héifeachtach amach anseo."
D'iarr an tAire McConalogue freisin go ndíreofaí arís ar an ngá atá le CBT a bhfuil acmhainní cearta aige.
“Teastaíonn CBT uainn atá maoinithe go maith, le buiséad atá i gcomhréir lena uaillmhian. Don chéad CBT eile, agus na pleananna straitéiseacha, tá gá le simplíocht agus le solúbthacht.”