An tAire Humphreys: Is féidir cruthúnas maidir le Tástáil Antaiginí FSS a úsáid chun cáiliú do Shochar Breoiteachta Breisithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D., gur cheartaigh a Roinn an cháipéisíocht a theastaíonn le Sochar Breoiteachta Breisithe €350 a fháil.
I gcomhthéacs athruithe a rinne FSS maidir le tástáil Covid, ta an réimse cáipéisíochta fairsingithe anois ag an Aire Humphreys is féidir le custaiméirí a úsáid le cur isteach ar Shochar Breoiteachta Breisithe.
Le Sochar Breoiteachta Breisithe a fháil, ag brath ar do chúinsí, glacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis an méid seo a leanas:
1. Deimhniú ó FSS gur ordaigh tú tástáil antaiginí (beidh an córas i bhfeidhm ó Dé Luain)
2. Teachtaireacht téacs ó FSS gur teagmhálaí dlúth thú
3. Deimhniúchán ó do DG go bhfuil comharthaí Covid-19 ort agus/nó is dóchúil gur foinse ionfhabhtaithe thú.
Faoi mar a bhí i gceist go dtí seo, cáileoidh toradh dearfach tástála um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (PCR) do Shochar Breoiteachta Breisithe freisin.
Dúirt an tAire Humphreys, agus na hathruithe á bhfógairt aici:
“Mar gheall go bhfuil cásanna Covid-19 ag dul i méid, is eol dom gur tráth imníoch é seo do theaghlaigh. Sin an fáth gur thug mé solúbthacht nua isteach, tar éis go ndearna m’oifigigh agus FSS plé, lena chur ar chumas custaiméirí teacht níos fusa a fháil ar Shochar Breoiteachta Breisithe.
“Mar thoradh ar na hathruithe seo, is féidir le duine a chuireann isteach ar thástáil antaiginí ó FSS an cruthúnas seo iarratais a úsáid chun cur isteach ar Shochar Breoiteachta Breisithe do na laethanta a bhíonn siad as obair.
“Tá sé an-tábhachtach go ndéanann aon duine a bhaineann toradh dearfach tástála amach nó a bhfuil comharthaí orthu féinaonrú agus go gcloíonn siad leis an gcomhairle sláinte poiblí.
“Is eol dom go mbronnfaidh an tsolúbthacht nua seo suaimhneas intinne ar dhaoine go bhfuil mo Roinn ar fáil chun tacú leo má thagann breoiteacht orthu nó más gá dóibh am a ghlacadh saor ón obair mar gheall ar Covid-19.”
CRÍOCH