Buaileann an tAire Harris lena chomhghleacaithe Eorpacha chun COVID-19 (Coróinvíreas) a phlé
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Freastalóidh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, ar chruinniú éigeandála de chuid Airí Sláinte na hEorpa inniu chun an ráig de COVID-19 (Coróinvíreas) a phlé.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, thug an tAire Harris faoi deara nach raibh aon chásanna deimhnithe COVID-19 (Coróinvíreas) ann in Éirinn go dtí seo.
Dúirt an tAire Harris:
“Cé nach bhfuil aon chásanna deimhnithe Coróinvíris ann in Éirinn, táimid fós san airdeall.
“Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag déanamh maoirseacht agus ag tabhairt treorach agus sainchomhairle ar fud na seirbhíse sláinte agus na mórsheirbhíse poiblí maidir leis an bhfreagairt náisiúnta do COVID-19 (Coróinvíreas).
“Tá sé tábhachtach go leanfadh Éire le faireachán a dhéanamh ar an staid agus le páirt a ghlacadh sa mheasúnú idirnáisiúnta ar an bhfreagairt do COVID-19 (Coróinvíreas), atá faoi stiúir ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
“Ba cheart dúinn leanúint de bheith ag obair ar leibhéal Eorpach chun a chinntiú go gcuirfear gach beart i gcrích.”
Ní sholáthrófar aon fhaisnéis faoi theagmhais aonair inar cuireadh na pleananna seo i mbun feidhme ná faoi aon chásanna a bhaineann le COVID-19 (Coróinvíreas), seachas cásanna deimhnithe.
Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoi COVID-19 (Coróinvíreas) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 13.00. Tabhair cuairt ar HPSC.ie
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim COVID-19 (Coróinvíreas) le brath. Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
Is féidir le Coróinvíreas a bheith ina chúis le tinnis níos déine freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
Léigh treoir céim ar chéim ar conas is féidir leat do lámha a ní i gceart agus cabhrú le hionfhabhtú a sheachaint
CRÍOCH