Preasráitis
Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Luain 28 Márta 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 5,623 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Ina theannta sin, Dé Domhnaigh an 27 Márta, chláraigh 6,466* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Amhail 8am inniu, tá 1,624 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 54 acusan san aonad dianchúraim.
Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC.
Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.
Féach ar an chomhairle sláinte poiblí is déanaí.