Tuarascáil faoi bhás réamhaibí i measc daoine gan dídean foilsithe ag an mBord Taighde Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá tuarascáil foilsithe inniu ag an mBord Taighde Slainte (BTS) faoi bhás réamhaibí i measc daoine gan dídean. Bhí an tuarascáil coimisiúnaithe ag an Roinn Sláinte le tuiscint ar bhás réamhaibí i measc daoine gan dídean a fheabhsú agus chun eolas a dhéanamh do pholasaí agus seirbhísí sláinte sa chohórt seo. Tá staidéar ar shonraí 2020 ar siúl faoi láthair agus athdhéantar an staidéar go ceann blianta ina dhiaidh sin chun measúnú a dhéanamh ar bhearta fairsinge a chuireadh i bhfeidhm le dul i ngleis leis an bhfadhb.
Cuireadh na torthaí faoi bhráid an Choiste Gníomhaíochta Náisiúnta i leith Easpa Dídeana, an grúpa maoirseachta tras-rialtais agus idirghníomhaireachta i leith polasaithe agus gníomhartha a bhaineann le heaspa dídine a chur i bhfeidhm.
D'úsáid an staidéar sonraí báis 2019 i measc daoine a bhí aitheanta mar dhaoine gan dídean ó chomhaid dhúnta na Seirbhíse Cróinéara, le 84 bás réamhaibí taifeadta.
Bhí tromlach na ndaoine a fuair bás ag fulaingt le mí-úsáid drugaí agus alcóil le fada, agus ba é ba chúis leis na básanna don chuid is mó ná cinntithigh shóisialta na sláinte, lena n-áirítear cóiríocht neamhleor, bochtaineacht, easpa fostaíochta, tráma leanaí agus daoine fásta, agus príosúnacht.
Ó bhaileoidh na sonraí seo, ta dul chun cinn suntasach i seirbhíse cúram sláinte do dhaoine gan dídean. Cuireadh breis maoinithe de €26 milliúin ar fáil anuas ar an gciste athfhillteach de €40 i dtacaíochta d'andúiligh drugaí idir 2021 agus 2023. Cabhraíonn sé seo leis An Roinn Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) roinnt mhaith bearta sláinte poiblí a chur i bhfeidhm ó COVID-19 chun torthaí sláinte do dhaoine gan dídean a fheabhsú.
Tá forbairtí suntasacha ann, lena n-áirítear:
Agus í ag déanamh trácht ar an tuarascáil, dúirt Príomhfheidhmeannach an BTS Dr Mairéad O’Driscoll:
"Tá eapa taighde láidir ar bhásanna i measc daoine gan dídean, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon. Trí na sonraí seo a thiomsú agus a anailísiú ar bhonn náisiúnta, is féidir leis an mBord Taighde Sláinte cabhrú le tuiscint a fheabhsú ar conas agus cén fáth ar tharla na básanna seo. Is féidir an fhianaise seo a úsáid chun eolas a chur ar fáil do bheartas agus chun straitéisí laghdaithe díobhála a fhorbairt chun tacú leo siúd atá gan dídean faoi láthair agus chun iad a chosaint."
Dúirt an Dr Ena Lynn, Taighdeoir Sinsearach ag an mBord Taighde Sláinte agus príomhúdar na tuarascála:
"Tháinig dhá léargas suntasach chun cinn ó na sonraí; an ról atá ag mí-úsáid drugaí agus na leibhéil arda meabhairshláinte agus fadhbanna sláinte i measc iad siúd a fuair bás, a thaispeánann gur daonra leothaileach é seo le riachtanais chasta. Níl aon leigheas amháin ar na dúshláin seo, ach d'fhéadfadh leis na torthaí seo cabhrú le freagraí iomlánaíocha a mhúnlú thar seribhísí sláinte: mar shampla tacaíochtaí meabhairshláinte a neartú, feabhas a chur ar straitéisí laghdaithe díobhála a bhaineann le soláthar garchabhrach, lena n-áireofaí soláthar agus riaradh nalocsóin; agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rochtain agus ar choinneáil i seirbhísí cóireála.”
Agus í ag déanamh trácht ar an tuarascáil dúirt an tAire Hildegarde Naughton:
"Is deacar an tuarascáil seo a léamh. Tá sé uafásach brónach go bhfuil daoine leochaileacha tar éis bás a fháil sna cúinsí seo, agus táim ag cuimhneamh ar a muintir agus a gcairde. Tá an Rialtas ag obair go dian chun cabhrú le daoine i gcúinsí leochaileacha agus tá an obair thábhachtach seo mar thosaíocht acu. Tuigim go bhfuil scéal daonna taobh thiar de gach staitistic Tá dóchas orm, áfach, go léiríonn na figiúirí seo cúrsaí roimh COVID-19, agus go léireodh an staidéar ina dhiadh seo tionchar na mbeart feabhsaithe sláinte poiblí a chuireadh i bhfheidhm ó thús na paindéime."
Tá tiomantas an Rialtais chun deireadh a chur le heaspa dídine faoi 2023 leagtha amach i straitéis tithíochta an Rialtais Tithíocht do Chách. Tá líon birt san áireamh chun tacú le riachtanais shláinte do dhaoine gan dídean agus chun torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach, lena n-áirítear creat straitéiseach a chruthú agus bealaí cúraim chomhtháite a neartú dóibh siúd le géar-riachtanais shláinte bunaithe ar shamhail sláinte chuimsithe. Cuireann na bearta seo le comhoibriú feabhsaithe idir an Roinn Sláinte agus an Roinn tithíochta ó thús na paindéime COVID-19.
Faoin gclár 'Housing First', tá méadú tagtha ar líon na dtionóntachtaí do dhaoine a bhfuil riachtanais chasta acu go 800, le sprioc de 1,300 faoi 2026.
Fuair an Bord Taighde Sláinte amach faoi 84 bás i measc daoine gan dídean sa bhliain 2019. Ba é an aois bháis mheánach ná 40 bliain d'aois. Ba é nimhiú drugaí ba chúis le tromlach na mbásanna. Bá iad tráma agus fadhb leighis cúiseanna báis eile. Fir a bhí i 68 dóibh siúd a fuair bás, agus 16 bean. Bhí fadhbanna meabhairshláinte aitheanta ag 32 dóibh siúd a fuair bás.
Tá staidéar eile ar bun faoi láthair bunaithe ar sonraí báis 2020 i measc daoine gan dídean.