Méadóidh An Íosphá Náisiúnta ón 1 Feabhra 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dé Déardaoin, 19 Nollag, 2019:
D’fhógair an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty, T.D., inniu gur shocraigh don Rialtas an Íosphá Náisiúnta a mhéadú go € 10.10 ón 1 Feabhra, 2020 de bharr an bhfás láidir i dtuilleamh ar fud an gheilleagair le bliain anuas agus a bhuí le soiléireacht níos mó sa Ríocht Aontaithe maidir lena bpleananna le haghaidh an Bhreatimeacht.
I mí Dheireadh Fómhair 2019, ghlac an Rialtas leis an moladh an t-íosphá a mhéadú 30 cent san uair. Lean sé seo le moladh an Choimisiúin um Pá Íseal, comhlacht neamhspleách a raibh sé de chúram air an ráta cuí den íosphá reachtúil a scrúdú. Mar sin féin, rinneadh cinneadh aon mhéadú a chur siar go dtí go mbeadh níos mó soiléireachta ann maidir leis an Bhreatimeacht agus cumas an ghnólachta méadú a ghlacadh.
Dúirt an tAire Doherty:
Tá gliondar orm a fhógraigh go mhéadóidh an Íosphá go €10.10 ón Feabhra. Is é an t-íosphá ceann de na beartais is tábhachtaí dírithe chun tacú le teaghlaigh sa bhfostaíocht, go háirithe iad siúd ar ioncaim ísle, agus léiríonn sé tiomantas an Rialtais chun tacú le hoibrithe ar phá íseal.
Leis an méadú is déanaí seo ar an Íosphá Náisiúnta, gheobhaidh fostaí ar íosphá a oibríonn seachtain iomlán 39 uair an chloig € 11.70 sa tseachtain nó € 608.40 breise in aghaidh na bliana. I ndáiríre, ó 2016 i leith, tá ardú pá comhlán de € 2,331 faighte ag fostaí pá íosta a oibríonn seachtain 39 uair an chloig. Ó 2015 i leith, mhéadaíomar an t-íosphá faoi 13.2% - chun tosaigh ar ráta an bhoilscithe - rud a chinntíonn méaduithe réadacha ar thuilleamh na hoibrithe atá ar phá íseal. Ba chóir go n-íocfadh gach cineál oibre go maith agus is é mo diongbháilteacht go gcuirfeadh post daoine as bochtaineacht. Cabhraíonn na méaduithe leanúnacha san íosphá chun chinntiú go dtarlóidh sé sin.
Tá an ráta nua bunaithe ar mholadh an Choimisiúin um Pá Íseal, agus tá idir ionadaithe ón thionscal, oibrithe agus baill acadúla neamhspleácha sa Choimisiúin seo. Tá sé néamhspléach go hiomlán ina chuid oibre. Tá sé riachtanach íosphá a mholadh a thugann spreagadh chun oibre, atá socraithe ag ráta atá cothrom agus inbhuanaithe, agus a théann chun sochair do líon mór daoine, gan drochthionchar ar fhostaíocht ná ar iomaíochas.
D'fhonn a chinntiú nach mbeidh fostóirí ag mealladh leibhéal níos airde de ÁSPC mar thoradh ar an méadú ar an íosphá, méadóidh tairseach ÁSPC an fhostóra ó € 386 go € 395 faoi láthair ón 1 Feabhra 2020.
Ó bunaíodh é, ghlac an Rialtas le moltaí an Choimisiúin um Pá Íseal, le haghaidh méaduithe de 50 cent i 2016, 10 cent i 2017, 30 cent i 2018 agus 25 cent i 2019, agus ionann iad méadú ar an Íosphá Náisiúnta de 13.2 % ó 2015.
Ón 2019, is í Éire an tír leis an tríú ráta pá íosta in aghaidh na huaire san Aontas Eorpach.