Fógraíonn an tAire Rabbitte próiseas forbartha don Straitéis um Nuálaíocht don Uathachas
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thionscain an tAire Stáit a bhfuil Freagracht Speisialta aici don Mhíchumas, Anne Rabbitte, T.D., an chéad ghairm ar aighneachtaí don Straitéis um Nuálaíocht don Uathachas, chomh maith leis an bpróiseas forbartha a bhainfidh leis an straitéis sna míonna atá romhainn.
Tugtar cuireadh do dhaoine a bhfuil suim acu, bheith páirteach sa straitéis nua spreagúil seo agus bheith ina gcomhchruthaitheoirí ann, a machnamh a dhéanamh ar an leagan amach ar ar mhaith leo a fheiceáil don Straitéis, ar na saincheisteanna ar chóir díriú isteach orthu, agus ar an amlíne forbartha agus rannpháirteachais atá leagtha amach do 2022.
Dearadh an Straitéis um Nuálaíocht don Uathachas chun go bhfreastalóidh sí, ag gach céim, ar rannpháirteachas daoine a bhfuil uathachas orthu, de réir na ngealltanas atá ann a chinntíonn go mbeidh deiseanna ag daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh sna próisis ceapadh beartais agus reachtóireachta.
Úsáidfidh an Straitéis cur chuige uile-Rialtais chun cearta daoine a bhfuil uathachas orthu in Éirinn a chur chun cinn. Aithneoidh sí eochair-réimsí ina bhfuil dúshláin agus constaicí faoi leith ag daoine le huathachas, agus díreoidh sí ar réitigh phraiticiúla agus inláimhsithe. Soláthróidh an Straitéis gníomhaíocht dáiríre agus inláimhsithe maidir leis na dúshláin agus na riachtanais atá ag daoine a bhfuil uathachas orthu.
I gceist leis an bPróiseas Forbartha don Straitéis um Nuálaíocht don Uathachas, beidh trí chéim. Tabharfar cuireadh do dhaoine a bhfuil uathachas orthu, dá dteaghlaigh, agus dá n-ionadaithe, páirt a ghlacadh agus a dtuairimí agus an taithí atá acu ar an saol a roinnt.
Reáchtáltar comhairliúchán poiblí tosaigh ar líne go luath in 2022. Tabharfar cuireadh do dhaoine ar mian leo páirt a ghlacadh ann, freagraí a chur isteach ar cheistneoir chun a gcuid aiseolais a thabhairt mar aon le tuairimí agus an cur amach atá acu ar na tacaíochtaí agus ar na seirbhísí atá ann faoi láthair, agus ar na saincheisteanna ar dóigh leo go mba chóir don Straitéis um Nuálaíocht don Uathachas dul i ngleic leo. Úsáidfear na freagraí seo mar bhonn do dhréacht tosaigh na Straitéise.
Déanfaidh an Grúpa Maoirseachta agus Comhairleach maoirseacht ar chur i bhfeidhm na Straitéise um Nuálaíocht don Uathachas. Den chuid is mó, beidh an Grúpa seo néaréagsúil agus beidh an tAire Rabitte ina Cathaoirleach air. Soláthróidh an Grúpa seo treoir agus monatóireacht ar fhorbairt na dréachtstraitéise um Nuálaíocht don Uathachas, agus cuirfidh siad comhairle ar fáil ar an gcur i bhfeidhm agus ar conas a sholáthrófar an Straitéis ar deireadh. Fógrófar Gairm Oscailte ar Léiriú Spéise chun bheith ina bhall de Ghrúpa Maoirseachta agus Comhairleach na Straitéise.
Tar éis comhairliúcháin agus ionchuir a fháil ón nGrúpa Maoirseachta agus Comhairleach, foilseofar an Dréachtstraitéis tosaigh um Nuálaíocht don Uathachas. Beidh próiseas comhairliúcháin phoiblí eile ann ina mbeidh an deis ann aiseolas a thabhairt ar an Straitéis sula dtabhafar chun críche í agus sula nglacfar léi.
Agus í ag fógairt an Phróisis Forbartha don Straitéis um Nuálaíocht don Uathachas, dúirt an tAire Rabbitte:
“Ag an seimineár gréasáin do Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas, a reáchtáladh i mbliana ar 2 Aibreán, d’fhógair mé go raibh sé i gceist ag an rialtas seo Straitéis um Nuálaíocht don Uathachas a sheoladh. Soláthróidh an Straitéis seo treoirphlean chun tuiscint an phobail ar an uathachas a mhéadú, inrochtaineacht a fheabhsú do dhaoine a bhfuil uathachas orthu, agus ról a thabhairt dóibh nuair atá beartais á bhforbairt agus seirbhísí á soláthar. Is deis é seo d’Éirinn bheith chun tosaigh ar fud an AE agus go deimhin, ar fud an domhain, maidir le conas tír a chruthú ina bhfuil tuiscint agus feasacht níos fearr ann ar an uathachas.
"Chun go n-éireoidh leis an straitéis, tá sé ríthábhachtach go mbeidh comhairliúchán ann le páirtithe leasmhara agus iarraim ar gach duine a bhfuil suim acu ann, aird a thabhairt ar an bpróiseas forbartha agus bheith réidh chun páirt a ghlacadh sna heochairchéimeanna. Is fearr is eol do dhaoine a bhfui uathachas orthu cad iad na constaicí atá rompu agus ba chóir go mbeidh dlúthbhaint acu le forbairt na straitéise seo. Chuige sin, beidh mise i mo chathaoirleach ar an nGrúpa Maoirseachta agus Comhairleach, agus tá sé i gceist agam go mbeidh sé ina léiriú ar thaithí an uachachais.”
Is féidir aiseolas agus aighneachtaí maidir leis an bPróiseas Forbartha don Straitéis um Nuálaíocht don Uathachas a chur chuig Autism_Strategy@equality.gov.ie
DEIREADH
Is gealltanas atá i gClár an Rialtais é an Gníomhú ar son an Uathachais.
Is riachtanas soiléir é de chuid Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (United Nations Convention on the Rights of Persons with Disabilities, UNCRPD) go rachfar i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas.
Glacadh le Coinbhinsiún na NA ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas sa bhliain 2006. Shínigh Éire an Coinbhinsiún sa bhliain 2007 agus dhaingnigh sí sa bhliain 2018 é.
Is í aidhm an Choinbhinsiúin ná cearta daonna agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus cinnte a dhéanamh de go bhfeidhmíonn siad do gach duine atá faoi mhíchumas, agus freisin go gcothaítear meas ar a ndínit bhunúsach.