Fógraíonn an tAire Humphreys Scéim Nua chun an Soláthar Pinsin do Chúramóirí Fadtéarmacha a Fheabhsú, agus €133m in Íocaíochtaí Costas Maireachtála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá scéim nua fógartha inniu ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, chun rochtain ar an bPinsean Stáit (Ranníocach) a fheabhsú do chúramóirí fadtéarmacha (iad siúd atá ag tabhairt aire do chleithiúnaithe éagumasaithe ar feadh breis agus 20 bliain).
D’fhógair an tAire freisin sonraí na dtrí íocaíocht cnapshuime costas maireachtála atá á n-íoc an tseachtain seo.
Rinne an tAire na fógraí ag cruinniú de ghrúpa tacaíochta cúramóirí áitiúla Chúramóirí Teaghlaigh Éireann i Halla Pobail Bhaile Dúill, Baile Átha Cliath Thuaidh.
Déanann an scéim nua Ranníocaíochtaí Fadtéarmacha do Chúramóirí é níos fusa do chúramóir fadtéarmach cáiliú le haghaidh Pinsean Stáit (Ranníocach).
Is féidir aon tréimhse ina bhfuil cúramóir cláraithe mar chúramóir a sholáthraíonn cúram do dhuine faoi mhíchumas a dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha uathu, a áireamh ina dtaifead árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (ÁSPC) ar mhaithe leis an bPinsean Stáit (Ranníocach). Chun leas a bhaint as na hathruithe seo, tá íosmhéid 20 bliain de ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha ag teastáil.
Is féidir le cúramóirí iarratas a dhéanamh ar ranníocaíochtaí do Chúramóirí Fadtéarmacha ag MyWelfare.ie anois.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm an scéim seo a fhógairt, a chinnteoidh den chéad uair i stair an Stáit go gcuirfear ranníocaíochtaí ar fáil do chúramóirí fadtéarmacha cleithiúnaithe a bhfuil bearnaí acu ina dtaifid árachais shóisialaigh.
“Cabhróidh sé seo lena chinntiú go mbeidh na mílte duine, mná den chuid is mó, a chaith am ag tabhairt aire dá muintir éagumasaithe anois in ann cáiliú don Phinsean Stáit Ranníocach.
“Molaim do gach cúramóir a dtréimhsí cúraim a chlárú ag MyWelfare.ie, ionas go léireoidh a dteidlíocht phinsin an cúnamh tábhachtach a thug siad dá muintir agus don tsochaí sa chás agus go raibh siad ag tabhairt aire do dhuine muinteartha le breis agus 20 bliain faoin am a shroicheann siad aois an phinsin.”
D’fhógair an tAire freisin sonraí na dtrí thacaíocht cnapshuime costas maireachtála atá á n-íoc an tseachtain seo. Is iad:
Gheobhaidh daoine an íocaíocht chnapshuime sa bhreis ar a bpríomhíocaíocht agus ar an lá céanna is a fhaigheann siad í de ghnáth.
Ag labhairt di ar íocaíochtaí cnapshuime na seachtaine seo, dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm an tseachtain seo íocaíocht na cnapshuime Costas Maireachtála €400 le haghaidh cúramóirí a fhógairt, a chuideoidh le tacaíocht a thabhairt do thart ar 120,000 cúramóir agus a dteaghlaigh.
“Íocfar é seo go huathoibríoch ar an Déardaoin leo siúd a fhaigheann an Liúntas do Chúramóirí, an Sochar Cúramóra, an Liúntas Cúraim Baile agus an Deontas Tacaíochta Cúramóra neamhspleách, ar chostas measta de bheagnach €48 milliún.
“Agus anuas air sin, táimid ag íoc na cnapshuime liúntais Maireachtála Aonair de €200 an tseachtain seo freisin, ag tacú le tuairim is 240,000 duine.
“Agus ar deireadh, an tseachtain seo, tabharfaimid íocaíocht de €100 do theaghlaigh a fhaigheann an Íocaíocht i leith Leanbh Cáilithe. Rachaidh sé seo chun tairbhe do thuairim is 370,000 leanbh agus a dteaghlaigh, ag cur níos mó airgid ina bpócaí roimh thréimhse na Nollag.”
I dteannta leis an gcnapshuim costas maireachtála Cúramóra a fógraíodh inniu, fuair an tAire Humphreys méaduithe ar an neamhaird ioncaim sheachtainiúil don Liúntas do Chúramóirí, a bheidh i bhfeidhm ó Mheitheamh 2024.
Ag labhairt di ar an mbeart seo, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá áthas ar leith orm rochtain an Liúntais Chúramóra a leathnú tríd an neamhaird ioncaim sheachtainiúil a mhéadú faoi €100 do dhuine singil agus €150 do lánúin.
“Ó Mheithimh 2024, is é an neamhaird ioncaim a bheidh ann don scéim ná €450 in aghaidh na seachtaine do dhuine singil agus €900 do lánúin. Seo an dara huair dom an Tástáil Acmhainne do Chúramóirí a leathnú ó ceapadh mé i m’Aire agus ciallóidh sé go mbeidh na mílte cúramóirí eile i dteideal íocaíochta anois.”
Nótaí do na hEagarthóirí:
Soláthar Pinsin Stáit Feabhsaithe:
Íocaíochtaí costas maireachtála: