Fógraíonn an tAire Humphreys go n-íocfar Bónas na Nollag le 1.4 milliún duine an tseachtain seo chugainn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, inniu go n-íocfar Bónas na Nollag le 1.4 milliún duine an tseachtain seo chugainn.
Mar chuid den phlé ar Bhuiséad 2022, fuair an tAire Humphreys Bónas na Nollag 100% arís i mbliana, ar chostas breis agus €313 milliún.
Íoctar Bónas na Nollag le faighteoirí fadtéarmacha leasa shóisialaigh, cosúil le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus tuismitheoirí aonair
D’fhógair an tAire Humphreys freisin gur laghdaíodh an tréimhse cháilitheach do dhaoine a bhfuil íocaíocht incháilithe Chuardaitheora Poist á fáil acu anuas ó 12 mhí go 15 mhí.
Anuas air sin, íocfar Bónas na Nollag i mbliana le faighteoirí fadtéarmacha Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) freisin.
Cuirfear am a caitheadh leis an ÍDP a fháil i measc custaiméirí a d’aistrigh go íocaíocht Chuardaitheora Poist san áireamh i dtreo an riachtanais 12 mhí a shásamh.
Dúirt an tAire Humphreys, agus Bónas na Nollag á fhógairt aici:
“Tráth speisialta den bhliain í an Nollaig ach d’fhéadfadh sé a bheith ina thráth an-chostasach ar dhaoine aonair agus teaghlaigh.
“Tá an-áthas orm, ar an ábhar sin, a fhógairt go n-íocfar Bónas na Nollag 100% arís eile i mbliana, a rachaidh chun sochair beagnach 1.4 milliún duine.
“Íocfar an Bónas isteach i gcuntais daoine ag tosú an tseachtain seo chugainn – a sholáthróidh tacaíocht bhreise dár bpinsinéirí, cúramóirí, tuismitheoirí aonair, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil íocaíocht chuardaitheora poist á fáil acu.
“Mar iar-Aire Gnó, is eol dom go bhfuil á bpobal miondíola thíos go fóill le tionchar Covid-19.
“Tréimhse an-deacair a bhí sa tréimhse dhá bhliain anuas ar ár ngnólachtaí beaga agus meánmhéide. Spreagaim gach duine, ar an ábhar sin, smaoineamh faoi Bhónas na Nollag a chaitheamh go háitiúil i mbliana.
“Má choimeádaimid ár ngnólachtaí inár mbailte, coimeádaimid ár mbailte i mbun gnó.”
Íocfar Bónas na Nollag 100% i Nollaig 2021 le faighteoirí íocaíochtaí fadtéarmacha Leasa Shóisialaigh (íocaíocht íosta €20). Íocfar an Bónas le daoine a bhfuil na híocaíochtaí seo a leanas á bhfáil acu: