Glacann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, FSS agus comhlachtaí móra na hearnála sláinte páirt i gCibear-Chleachtadh ar fud na hEorpa
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ghlac an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus roinnt ospidéal agus soláthraithe cógaisíochta páirt i gcibearchleachtadh Eorpach ar mhórscála. I gCibear-Eoraip 2022, arna eagrú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chibearshlándáil (ENISA), bhí 29 dtír agus os cionn 800 saineolaí cibearshlándála rannpháirteach. Rinne an cleachtadh tástáil ar fhreagairt na rannpháirtithe ar chibear-ionsaí mór insamhalta ar sheirbhísí agus bonneagair sláinte san Eoraip.
Ar siúl thar dhá lá, rinne an cleachtadh measúnú ar chumas na rannpháirtithe freagairt d'fheachtais bhréagaisnéise agus do chibear-ionsaithe atá dírithe ar líonraí ospidéil Eorpacha. Bhí cás insamhalta i gceist leis an gcleachtadh inar tháinig méadú ar chibearionsaí ina chibear-ghéarchéim ar fud an Aontais, agus inar scaoileadh an bhagairt go scaoilfí sonraí leighis pearsanta.
Ag trácht dó ar an gCibear-Chleachtadh, dúirt Ceann Rannpháirtíochta an LNCS, Joseph Stephens:
"Bhí an cás a d'fhorbair ENISA réalaíoch, ach casta agus dúshlánach freisin. Tar éis déileáil le cibeartheagmhas fíorshaoil a chuaigh i bhfeidhm ar an earnáil sláinte - le linn ionsaí bogearraí éirice FSS in 2021 - bhí an LNCS in ann go leor de na ceachtanna a foghlaimíodh a úsáid. Leis an gcás, a raibh ionsaithe tromchúiseacha i gceist leis ar fud an Aontais ar fad, bhíothas in ann feidhmiú agus comhordú a dhéanamh lenár gcomhpháirtithe trí Líonraí Cibear-Ghéarchéime an Aontais, muid a fhágáil níos ullmhaithe chun comhoibriú le linn aon chásanna fíorshaoil."
Déanfar anailís mhionsonraithe anois, tar éis an chleachtaidh, chun aon bhearnaí nó scóip chun tuilleadh forbartha acmhainní a aithint. Beidh torthaí na Tuarascála Tar éis Gníomhaíochta mar bhonn do threoir amach anseo agus d'fheabhsuithe breise - chun athléimneacht na hearnála cúraim sláinte i gcoinne cibirionsaithe san Aontas a threisiú.
Ba iad na heagraíochtaí Éireannacha a ghlac páirt sa chleachtadh 'Cibear-Eoraip' seo: An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS); An Roinn Sláinte; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS); Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae; Ospidéal Naomh Séamas; An tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna; Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (IBTS); Grúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann; agus Marken.
CRÍOCH
Is éard is cleachtaí 'Cibear-Eoraip' ann ná ionsamhlúcháin ar theagmhais mhórscála cibearshlándála a ghéaraíonn go dtí géarchéimeanna cibearshlándála ar fud an Aontais. Cuireann na cleachtaí deiseanna ar fáil chun anailís a dhéanamh ar ardteagmhais chibearshlándála, agus chun déileáil le leanúnachas gnó casta agus le cásanna bainistithe géarchéime.
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNCS) in 2011 agus is aonad cibearshlándála oibríochta de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide é. Tá an LNCS freagrach as comhairle a chur ar an Rialtas, ar sholáthraithe Bonneagair Náisiúnta Criticiúil, ar ghnó agus ar an bpobal i gcoitinne faoi bhagairtí agus leochaileachtaí reatha a bhaineann le slándáil faisnéise líonra agus iad a chur ar an eolas.
Is iad príomhróil an LNCS a bheith ar thús cadhnaíochta i mbainistiú mórtheagmhas cibearshlándála ar fud an rialtais, treoir agus comhairle a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí maidir le mórtheagmhais chibearshlándála, agus caidrimh láidre idirnáisiúnta a fhorbairt sa phobal domhanda cibearshlándála chun críocha comhroinnt faisnéise.
I mí Iúil 2021, d'aontaigh an Rialtas le leathnú suntasach ar an LNCS agus tá an t-aonad ar an mbóthar ceart chun méid a dhúbailt faoi dheireadh na bliana seo.