Fáiltíonn an tAire Harris roimh oscailt Ospís Chill Mhantáin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, roimh oscailt na hospíse nua ar an Machaire Mór, Co. Chill Mhantáin, inniu. Beidh an ospís faoi rialú ag Seirbhísí Ospíse agus Cúraim Mhuire.
Dúirt an tAire Harris:
“Is mór an phribhléid dom Ospís Chill Mhantáin a oscailt go foirmiúil inniu. San ospís seo, rachfar i ngleic leis an éadóchas, an dorchadas agus an dobrón a ghabhann leis an drochshláinte agus diagnóis dholeigheasta agus cuirfear dóchas, solas agus áthas ina n-áit.”
Gheobhaidh an ospís nua cistiú oibriúcháin ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Is é atá inti ná aonad sainchúraim mhaolaithigh ina bhfuil 15 sheomra ranga aonair d’othair chónaitheacha, saoráidí cúram lae, clinicí othar seachtrach, cúram faoisimh agus rochtain ar shainseirbhísí ildisciplíneacha. Oibreoidh an fhoireann um shainchúram maolaitheach sa bhaile amach as an ospís freisin.
Tá an ospís seo i gCill Mhantáin ar cheann amháin de na trí aonad nua sainchúraim mhaolaithigh d’othair chónaitheacha a thiocfaidh i bhfeidhm i mbliana. Mar aon leis na 15 leaba cúraim mhaolaithigh atá ar fáil d’othair chónaitheacha i gCill Mhantáin, soláthrófar 14 leaba ospíse i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, agus 20 leaba laistigh d’Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge. Osclófar sé leaba eile in Ospís nuashínte Naomh Bríd ar an gCurrach, Co. Chill Dara, i mbliana freisin.
Cuireadh €10 milliún eile ar fáil faoi Phlean Seirbhíse Náisiúnta FSS don bhliain 2020 chun freastal ar na costais foirne a bhaineann leis na leapacha sin d’fhonn iad go léir a chur i mbun feidhme i mbliana.
A luaithe a bheidh na haonaid sin lánoscailte, beidh 55 cinn eile de leapacha sainchúraim mhaolaithigh ann d’othair chónaitheacha sa líonra náisiúnta. Méadóidh sé sin an líon iomlán leapacha ospíse atá againn in Éirinn go 268 gcinn faoi dheireadh na bliana, rud a bheidh cothrom le méadú 35% ón mbliain 2016 i leith.
Agus aitheantas á thabhairt aige don obair atá déanta ag Fondúireacht Ospíse Chill Mhantáin agus ag na hoibrithe deonacha a chruinnigh airgead le haghaidh an ospís nua a thógáil, dúirt an tAire Harris:
“A bhuí leis an tacaíocht a thug sibh, beidh an ospís seo in ann cobhsaíocht, tacaíocht agus cúram a thabhairt do dhaoine den phobal agus dá dteaghlach nuair a bhíonn an gá is mó acu leo.”
CRÍOCH