Seolann an tAire Ryan Comhairliúchán Poiblí ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe (don Aeráid)
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide comhairliúchán poiblí ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe inniu (an Aoine an 19 Eanáir) faoi na hAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015-2021.
Osclófar an comhairliúchán Dé hAoine an 19 Eanáir agus beidh sé ar oscailt go dtí an 19 Feabhra. Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí ábhartha agus ó dhaoine den phobal ar an dréacht-Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe.
Is é atá san oiriúnú don athrú aeráide ná an próiseas chun coigeartú d’athrú aeráide iarbhír nó ionchais agus dá éifeachtaí iarbhír nó ionchais. Ní freagairt éigeandála aonuaire é. Ina ionad sin, is é atá ann ná sraith beart réamhghníomhach a dhéantar le himeacht ama chun cur lena athléimní atá ár ngeilleagar agus ár sochaí in aghaidh thionchair an athraithe aeráide. Is é an aidhm dheiridh atá leis an oiriúnú ná íoslaghdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le tionchair an athraithe aeráide agus uasmhéadú a dhéanamh ar aon deiseanna a thiocfaidh chun cinn.
Cé go mbíonn tuilleadh aitheantais á thabhairt i gcónaí ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta ar an tábhacht a bhaineann leis an oiriúnú, léirítear i roinnt tuarascálacha go bhfuil easpa ghinearálta ullmhachta ann ar fud an domhain.
De réir fhorálacha na nAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015-2021, d’fhoilsigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Creat Náisiúnta Oiriúnaithe sa bhliain 2018. Rinneadh athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe atá ann cheana sa bhliain 2022, ar lena linn a fuarthas aiseolas ó phríomh-gheallsealbhóirí earnála, roinne agus gníomhaireachta agus ón bpobal. Moladh san athbhreithniú sin go ndréachtófaí Creat Náisiúnta Oiriúnaithe nua.
Ullmhófar dréacht athbhreithnithe den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe tar éis an chomhairliúcháin phoiblí seo agus cuirfear faoi bhráid an Rialtais é lena cheadú aige sa bhliain 2024.
Ag fógairt oscailt an chomhairliúcháin dó, dúirt an tAire Ryan:
"Tá an t-athrú aeráide mar chúis le tionchair a dhéanann difear don tsochaí ar fad agus tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimis aghaidh ar na rioscaí agus go gcinnteoimis go mbeadh beartas straitéiseach atá oiriúnach don fheidhm i bhfeidhm againn chun a chinntiú go mbeidh bonneagar, sochaí agus pobail na hÉireann athléimneach in aghaidh na dtionchar sin.
"Chuige sin, teastóidh dua uile-Rialtais agus uile-shochaí. Is é atá sa chomhairliúchán seo ná deis do shaoránaigh cabhrú leis an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe a fhorbairt agus cabhrú linn aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist shuntasach seo."
Féach suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun tuilleadh faisnéise a fháil.
CRÍOCH
Foilsíodh an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe reatha sa bhliain 2018. Leagtar amach ann cur chuige uile-Rialtais agus uile-shochaí i leith an oiriúnaithe don aeráid in Éirinn, agus cur chuige earnála á ghlacadh a bhfuil mar aidhm leis feabhas a chur ar an timpeallacht cumasúcháin don oiriúnú trí chaidreamh leanúnach a dhéanamh leis na príomhearnálacha, leis an rialtas áitiúil, leis an tsochaí shibhialta, leis an earnáil phríobháideach agus leis an bpobal taighde.
Ar aon dul leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta, tugtar faoi ghníomhartha oiriúnaithe trí Phleananna Oiriúnaithe Earnála a shanntar do na Bainisteoirí líne atá freagrach as réimsí tosaíochta den bheartas oiriúnaithe. Rud atá tábhachtach i gcomhthéacs na hÉireann, áirítear leis sin an Plean Oiriúnaithe Earnála um Bainistíocht Riosca Tuile atá faoi shainchúram Oifig na nOibreacha Poiblí. I láthair na huaire, tá sé Roinn Rialtais ag stiúradh chur chun feidhme na naoi bPlean Oiriúnaithe Earnála, a gcumhdaítear 12 phríomhearnáil leo. Rinneadh na Pleananna Oiriúnaithe Earnála a fhorbairt agus a fhoilsiú faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe sa bhliain 2019. Is iad seo na Pleananna Oiriúnaithe Earnála sin:
Sna Pleananna Oiriúnaithe Earnála, déantar cur síos agus measúnú ar na rioscaí don earnáil a ghabhann leis an athrú aeráide agus cuirtear pleananna teagmhais i láthair chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus chun athléimneacht na hearnála in aghaidh na haeráide a chinntiú. Sa dréacht-Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe nua, cuirfear an earnáil turasóireachta leis na príomhearnálacha agus iniúchfar an fhéidearthacht a bhaineann le Plean Oiriúnaithe Earnála a ullmhú don bheartas pleanála agus an timpeallacht thógtha.