Leathnaíonn an tAire Sláinte agus an tAire um Mheabhairshláinte an Straitéis Náisiúnta chun Féinmharú a Laghdú go 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD agus an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, go leathnófar Straitéis Náisiúnta na hÉireann chun Féinmharú a Laghdú, Ceangail ar Feadh an tSaoil, go 2024.
Ó 2015 i leith, chuir Ceangail ar Feadh an tSaoil cur chuige tras-earnála ar fáil ar fud na tíre chun rátaí féindochair agus féinmharaithe a laghdú in Éirinn. Bhí sé le críochnú in 2020 ach tá sé leathnaithe anois go 2024 chun ligean don straitéis cur chuige uile-Rialtais agus na sochaí uile i leith féinmharaithe a chosc, le béim láidir ar chur i bhfeidhm agus ar thorthaí, rud a léiríonn dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Leis an leathnú a cheadaigh an Rialtas inné beifear in ann:
Is straitéis trasearnála é Ceangail ar Feadh an tSaoil le 69 gníomh faoi sheacht gcuspóir straitéiseach:
Tríd an straitéis náisiúnta a leathnú go 2024 tugtar deis chun go leor gníomhartha Ceangail ar feadh an tSaoil atá bunaithe cheana féin, atá lonnaithe go háitiúil, a chur chun cinn tuilleadh ar fud na tíre.
D'fhorbair NOSP plean feidhmithe nua sofhreagrach do na blianta amach romhainn. Tá an plean seo bunaithe ar thaithí ar chur i bhfeidhm go dtí seo, ar thorthaí athbhreithniú eatramhach neamhspleách 2019 ar an Straitéis, agus ar chomhairliúchán comhsheasmhach le comhpháirtithe feidhmithe, páirtithe leasmhara agus ranna rialtais. Beidh sé ríthábhachtach an tsochaí go léir a mhealladh agus a tharraingt isteach i gcur i bhfeidhm Ceangail ar Feadh an tSaoil ionas go n-éireoidh leis.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is príomhthosaíocht de chuid an Rialtais é féinmharú a chosc. Ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin trína chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine leochaileacha ar an gcúram a theastaíonn uathu, ag tacú le pobail iompar féinmharaithe a chosc agus freagairt dó, agus dearcaí agus iompar féinmharaithe, meabhairshláinte agus folláine a fheabhsú. Beidh sé seo dúshlánach ach cuideoidh leathnú Ceangail ar Feadh an tSaoil go 2024 linn é sin a bhaint amach. Trína chinntiú go n-oibríonn na Ranna, na gníomhaireachtaí agus na heagraíochtaí ábhartha le chéile ar bhealach comhtháite, is féidir linn cabhrú chun beatha daoine sa tír seo a shábháil."
Dúirt an tAire Butler:
“Bás amháin fiú, mar gheall ar fhéinmharú, tá sé iomarcach. Is ceist chasta ilghnéitheach é an féinmharú agus tá go leor cúiseanna leis. Bíonn tionchar aige ar an bpobal ar fad. Tá sé tábhachtach go mbeadh tacaíochtaí láidre i bhfeidhm chun cabhrú le teaghlaigh, le cairde agus leis an bpobal.
“Tugann leathnú ár straitéise náisiúnta deis dúinn leanúint le haidhmeanna na straitéise na rátaí féinmharaithe agus féindochair a laghdú sa daonra iomlán agus i measc grúpaí tosaíochta, lena n-áirítear baill den lucht siúil, daoine gan dídean, daoine LGBTQ + , i measc daoine eile."
Dúirt John Meehan, Príomhfheidhmeannach, NOSP:
“Tugann leathnú Ceangail ar Feadh an tSaoil deis dúinn go leor struchtúr feidhmithe Ceangail ar Feadh an tSaoil atá bunaithe cheana féin agus go háitiúil a chur chun cinn agus a leabú ar fud na tíre.
Beidh sé ríthábhachtach an tsochaí go léir a mhealladh agus a tharraingt isteach i gcur i bhfeidhm Ceangail ar Feadh an tSaoil, ionas go n-éireoidh leis. Tá Oifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc - an soláthróir ainmnithe tacaíochta trasearnála chun Ceangail ar Feadh an tSaoil a chur i bhfeidhm - fós diongbháilte ina cuid oibre."
CRÍOCH