Deich mBliana na gCuimhneachán – Fógraíonn an tAire Martin oscailt Ghradam Markievicz do 2022
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go n-osclófar scéim sparántachta Ghradam Markievicz mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán d’ealaíontóirí chun iarratais a dhéanamh ar líne ar Ghradam 2022 trí shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon Dé Luain, an 10 Eanáir 2022 agus dúnfaidh sé ag 5.30 i.n. ar an Déardaoin, 10 Feabhra 2022.
Bronnann an tAire gradaim faoin scéim gach bliain ar suas le 10 ealaíontóirí (ealaíontóirí a oibríonn ina n-aonair nó i gcomhar le daoine eile) – ar luach €25k in aghaidh an duine aonair nó an ghrúpa. Oibríonn an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon maidir le riarachán na scéime agus fógróidh an tAire faighteoirí ghradaim 2022 i mí Aibreáin. Tá treoir dóibh siúd ar mhaith leo cur isteach ar an nGradam ar fáil anois.
Dúirt an tAire Martin:
“Tugann Gradam Markievicz urraim do Constance de Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am ata caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Is í 2022 an ceathrú bliain den scéim rathúil seo agus bhain 22 ealaíontóir in go leor seánraí éagsúla leas as €450,000 a bronnadh faoin scéim go dtí seo. Táim tiomanta d’ealaíontóirí a thacú agus a chothú ar bhealach fiúnta le linn na héigeandála sláinte atá ag tarlú mar thoradh ar phaindéim COVID-19.”
Ón 10 Eanáir beidh an scéim oscailte trí ghlao poiblí ar ealaíontóirí a oibríonn i ngach seánra ealaíon le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. I bhfianaise a thábhachtaí is a bhí gluaiseacht athbheochan na Gaeilge le linn na tréimhse réabhlóidí, agus i bhfianaise fhreagrachtaí leanúnacha agus sonracha na Roinne chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, tabharfar ceann de na gradaim d’ealaíontóir a oibríonn sa Ghaeltacht agus trí mheán na Gaeilge, faoi réir chaighdeán an ghradaim a bhaint amach. Glacfar go fonnmhar le hiarratais ó dhaoine aonair nó ó ghrúpaí laistigh de phobail atá éagsúil ó thaobh cultúir agus ó dhaoine faoi mhíchumas faoin scéim chomh maith.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“Tá sé tábhachtach go leanfar d’aird a tharraingt ar ról na mban don chuid eile de Dheich mBliana na gCuimhneachán agus sheol mo Roinnse Mná100 ní ba luaithe i mbliana mar thaca leis an gcuspóir ardtosaíochta seo. Rinneadh plé i Mná100 le faighteoirí Ghradam Markievicz faoina gcuid oibre mar chuid d’iniúchadh ar an ról éagsúil agus ríthábhachtach a bhí ag mná in Éirinn céad bliain ó shin agus le céad bliain anuas. In eipeasóid a eisíodh le déanaí scrúdaíodh gné de shaol Constance de Markievicz nach bhfuil mórán ar eolas ag daoine faoi, mar ealaíontóir, aisteoir, drámadóir, file agus ceoltóir. Déanann 3 banealaíontóirí comhaimseartha de chuid na hÉireann plé ar bhuanna ealaíne Markievicz. Léiríonn cleachtas na mban seo na disciplíní sin sa lá atá inniu ann. Déanann siad machnamh ar Markievicz mar ‘Touchstone’ idir an t-am atá caite agus an lá atá inniu ann. Mholfainn do dhaoine éisteacht leis an saothar seo agus scéalta inspioráideacha triúr a fuair Gradam Markievicz roimhe seo a chloisteáil a d’fhéadfadh muinín a thabhairt d’ealaíontóirí agus iad a spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar Scéim 2022”.
Nóta d’Eagarthóirí
Gradam Markievicz
Léigh treoirlínte Ghradam Markievicz Award agus féach ar an tairseach iarratais - https://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Damhachtain-Markievicz/
Mná100
Is tionscnamh de chuid an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é Mná100 faoi Chlar Dheich mBliana na gCuimhneachán chun feasacht a ardú agus tuiscint a dhoimhniú ar ról na mban inár gcuid staire agus a n-ionchur ríthábhachtach le linn tréimhse réabhlóideach na hÉireann, 1912-1923 go háirithe.
Éist le Mná100 - www.mna100.ie
podchraoladh Touchstone - www.mna100.ie/centenary-moments/touchstone/